Imní san iarthar faoi ardú ar cháin
Tá imní ar an tionscal turasóireachta go bhféadfadh státseirbhísigh dochar a dhéanamh don fheabhas ar an ngeilleagar agus an Rialtas i mbun machnaimh ar an ráta CBL (VAT), a d’fhoghlaim Seachtain.
Tugadh isteach ráta níos ísle 9% in 2011 — laghdú ó 13.5% — agus an ghéarchéim gheilleagrach os comhair na tíre.
Deir go leor óstlannaithe gur mar gheall air sin nár thit an tóin as an tionscal go hiomlán.
Thug beagnach naoi milliún duine cuairt ar Éirinn anuraidh, agus creidtear freisin gur fhás an tionscal mar gheall ar an laghdú sin, agus níos mó ná 228,000 duine fostaithe sa tionscal anois.
Oifigeach
Tá an tAire Turasóireachta Shane Ross (thíos) agus airí ón iarthar ar nós Michael Ring ag cur i gcoinne roinnt oifigeach atá ag plé ardú ar an ráta.
Deirtear i nóta eolais chuig Airí, a chonaic Seachtain: “Tá téarnamh ginearálta an gheilleagair agus na praghsanna ardaithe san earnáil tar éis ceisteanna faoina thodhchaí (an 9%) a tharraingt anuas.
“Coinníodh an ráta i gCáinaisnéis 2017 mar gheall ar imní faoi éifeacht an Bhreatimeach- ta ar chúrsaí turasóireachta. Meastar dá gcuirfí deireadh leis an ráta 9% agus filleadh ar 13.5% d’earraí agus seirbhísí san earnáil seo, go méadódh ioncam an státchiste thart ar €500 milliún.”
Ach tá airí atá in aghaidh ardú ar an ráta ag moladh córas dhá chuid; le cáin chathrach i mBaile Átha Cliath chun an margadh ansin a cheansú.
Teastaíonn ón Taoiseach Leo Varadkar cáinaisnéis na míosa seo chugainn a dhéanamh láidir i bhfianaise an Bhreatimeachta agus de bharr go bhfuil steirling níos laige ag laghdú líon na gcuairteoirí chun na tíre seo ón Ríocht Aontaithe.
Ach deir an tAire Ross nach féidir an ráta a bhaint ó na tionscail turasóireachta, go háirithe faoin tuath, san iarthar agus feadh na teorann.
Deir Cónaidhm Thionscal Turasóireachta Éireann go bhfuil ráta turasóireachta CBL na hÉireann ag teacht lena hiomaitheoirí Eorpacha, ina bhfuil rátaí CBL 10% nó níos lú ag 17 gcinn as na 19 dtír i limistéar an Euro.