Irish Independent - Seachtain

Bhí muid thuas seal, thíos seal in aon seachtain amháin arís!

-

Achar beag atá i seachtain a deir an pholaitíoc­ht, bhuel ó bhíos ag caint libh go deireanach is mó atá tarlaithe. Bhíos fé uisce an t-am seo an tseachtain seo caite agus mé ag treabhadh liom taobh amuigh don dTulach Mhór mar aon le nach mór 300,000 duine eile. Bhí an Mháirt ar fheabhas agus sin ar fad ag súil leis an mbáisteach ar an gCéadaoin. Tháinig an bháisteach agus ina theannta tuile!

Bhíos i mbothán Lidl agus níor chuir sé puinn isteach orainn. Bhí gach éinne ag caint ar an aimsir go dtí go dtáinig an scéal chugainn go raibh Jimmy Magee caillte. Bhí a fhios agam go raibh sé tinn le tamall ach nuair a tháinig an scéal chomh fada liom bhain sé geit asam.

Ag an bpointe seo tá sé ar fad ráite fén bhfear, níl duine go mbuaileas leis ná léi le seachtain ná bhfuil scéal éigin aige nó aici fé Jimmy. Is cuimhin liom an chéad uair a bhuaileas leis. “Young Ó Sé,” a dúirt sé, “how are all those lovely Roses?” Ní minic go mbím gan focal ach ní fhéadfainn faic a rá mar gur aithin Jimmy Magee mé. Seo ceann dos na pearsanra teilifíse is mó dá raibh ann a cheapas agus mise ag labhairt leis. Bhíos déanta! Sin ceann dos na rudaí fé Jimmy Magee — thug sé am do gach duine, ba chuma ar an dteilifís iad nó iad siúd a bhíodh ag féachaint air. Bhíos i bPáirc an Chrócaigh ar an nDomhnach in athuair agus bhuaileas le clann Jimmy agus bhíodar ag rá liom go raibh ticéad ceannaithe don ócáid mar a dhein gach bliain. Is cuimhin liom é ag rá liom uair amháin gur bhain sé ana-shásamh as cluichí ceannais peile na mban.

Bhíos ina chuideacht­a an lá sin anuraidh nuair a chuaigh an tUachtarán Mícheál D caol díreach chuige. Theastaigh ó gach éinne labhairt leis.

Maigh Eo agus Bleá Cliath aríst an tseachtain, ach na mná an uair seo. Briseadh croí mhná an iarthair ach chaithfeá a rá go raibh na Bleá Cliathaigh ró-mhaith.

Ach is maith is cuimhin leis na mná seo cailliúint. Bhíodar sa bhád céanna le cúpla bliain anuas agus an corn ag dul cois Laoi ana-chuid uaireanta. Níor bhuaigh Bleá Cliath Corn Bhreandáin Uí Mháirtín ó 2010.

Muna raibh mo dhóthain déanta agam an tseachtain sin, thángamar ar ais ar an aer ar an Luan. Mé fhéin agus Maura dhubh/dhonn braitheann sí ar an tseachtain! Ha ha!

Sea, tá an geimhreadh tagtha — is dóigh liom go ndeirim é sin gach seachtain!

 ??  ?? Dáithí le cailíní óga Bhaile Átha Cliath Laila Kelly Bohan agus Jorja Goldring le Corn Bhreandáin Uí Mháirtín i bPáirc an Chrócaigh Dé Domhnaigh
Dáithí le cailíní óga Bhaile Átha Cliath Laila Kelly Bohan agus Jorja Goldring le Corn Bhreandáin Uí Mháirtín i bPáirc an Chrócaigh Dé Domhnaigh
 ??  ?? Ómós: Jimmy le gradam ó Ard-Mhéara Átha Cliath
Ómós: Jimmy le gradam ó Ard-Mhéara Átha Cliath
 ??  ??

Newspapers in Irish

Newspapers from Ireland