Páirc chlúiteach an deiscirt faoi chaibidil anocht
Beidh páirc chlúiteach Chorcaí, Páirc Uí Chaoimh, á ceiliúradh i gclár úr faisnéise ar TG4 anocht (9.30).
Le breis is 100 bliain anuas, is ag ‘An Pháirc’ a bhailíodh muintir an deiscirt le cheile le súil a chaitheamh ar imeachtaí eipiciúla spóirt, ina mbíodh laochra ildánacha an lae ag tabhairt aghaidh ar a chéile, ar bhannaí agus ceoltóirí idirnáisiúnta mór le rá ag seinm agus ar mhórimeachtaí cultúrtha eile nach iad.
Anois agus atógáil agus athchóiriú ollmhór déanta, féachann An Pháirc siar ar chuid de na himeachtaí is tábhachtaí a chuaigh i bhfeidhm ar an phobal agus tapaíonn sé an deis cuid de na scéalta is suimiúla a thabhairt chun solais arís.
Tugann an clár léargas den scoth ar an phróiseas atógála, ag taifead le breis is dhá bhliain anuas, ó leagadh an tsean-staid go dtí oscailt na staide nua le cluichí ceathrú ceannais iomána na hÉireann.
Sa chlár cloistear ó laochra móra peile agus iománaíochta thar na blianta idir Billy Morgan, Jack O’Shea, Paul Flynn, Sheán Óg Ó hAilpín agus Barney Rock, mar aon le Micheál Ó Muircheartaigh agus an t-eagraí ceolchoirmeacha Oliver Barry a thug a leithéid de Michael Jackson agus Prince go Corcaigh. Dúirt Eagraí Spóirt TG4, Rónán Ó Coisdealbha, “Is cuid de stair agus de sheanchas CLG agus Chorcaí í an staid seo.
“Maireann cuimhní gléineacha ar mhórchluichí agus ar choirmeacha ceoil ag na scórtha míle duine a bhí i láthair. Tabharfaidh an clár seo siar muid ar bhóithrín na smaointe.”