Tenerife na turasóireachta
Ghlac an múinteoir Emma Ní Nualláin as Cill Chainnigh sos gairme le taisteal timpeall an domhain lena fear céile Oisín Mac Cinnéide... agus an t-am seo thriail siad áit turasóireachta a bhfuil dúil ag muintir na hÉireann ann
Ní haon rún iad na hOileáin Chanáracha mar ionad saoire. Tá aithne againn ar fad ar dhuine a bhí ann ag pointe éigin, ach níor chreideamar cé chomh hiontach is atá na hoileáin Spáinneacha seo go dtí gur chaitheamar féin tréimhse ann ar an oileán is mó acu, Tenerife.
Tá clú agus cáil ar Tenerife toisc go scairteann an ghrian anseo gach uile lá (nach mór) den bhliain, agus le teocht bhuan thart ar 30C, is áit idéalach í Tenerife le saoire faoin ngrian a chaitheamh.
Tá go leor tránna i ndeisceart an oileáin agus iad lán le gaineamh bog bán. Tá slabhra na dtránna seo scaipthe thar 10km agus is fiú siúl ó cheann amháin go ceann eile má tá cúpla uair an chloig agat; Playa de los Cristianos; Playa de los Tarjales; Playa de las Vistas, Playa del Camison, Playa de las Americas, Playa del Troya, Playa Torviscas, Playa El Duque agus Playa Caleta. Tá iliomad eachtraí gur féidir a dhéanamh orthu; snorcláil, SUPáil, cadhcáil, eitpheil, tumadóireacht, agus dar ndóigh, sú na gréine.
Ó thaobh suíomhanna turasóireachta de, is í Páirc Náisiúnta Mount Teide atá ar barr na liostaí ‘le déanamh’ in Tenerife. Tá an pháirc seo lonnaithe timpeall Bholcán Mount Teide; is é Mount Teide an sliabh is airde sa Spáinn agus tá sé suite i lár oileán Tenerife.
Téann níos mó cuairteoirí chuig an bPáirc Náisiúnta seo ná aon cheann eile san Eoraip. Sliabh bolcáin atá ann le hairde 3,718m, agus 1909 an uair dheireanach gur phléasc sé. Is féidir tiomáint cóngarach go leor do bharr an tsléibhe agus tá carr cábla ann a théann go dtí an barr ar fad.
Má tá fonn ort dul go barr an tsléibhe moltar éadaí breise a thógáil leat áfach, mar bíonn an teocht i bhfad níos ísle ann ar bharr, agus is minic a fheictear sneachta ann i rith an gheimhridh!
Is fiú go mór dul ar thuras go dtí an ceantar seo den oileán, mar tá tír-radharc le fáil ón mbolcán agus radharcanna dochreidte le feiceáil ann. Thuas sna sléibhte, uair an chloig ó thránna an deiscirt, aimseofar seoid álainn i bhfoirm an tsráidbhaile Vilaflor.
Is baile beag é Vilaflor atá lonnaithe faoi scáth Teide ag 1,400m thar an fharraige. Is é seo an baile is airde sa Spáinn, agus tá sé chomh hard sin go mbíonn tú ag breathnú síos ar na scamaill fút go minic.
Nuair nach mbíonn na scamaill ann, tá radharcanna iontacha ar fáil de chósta theas an oileáin. Tá seanchearnóg ag barr an bhaile atá timpeallaithe ag bláthanna áille agus caifé gleoite le suíocháin taobh amuigh i lár na cearnóige.
Déantar an-chuid fíona a tháirgeadh sa Spáinn agus ar na hOileáin Chanáracha ach go háirithe. Is féidir dul ar cuairt chuig fíonghort i dtuaisceart an oileáin nó i mbaile Vilaflor sa deisceart. Is fiú an turas lae seo a dhéanamh, mar taispeántar an fíonghort duit agus na seanmhodhanna traidisiúnta a úsáideann siad chun an fíon a tháirgeadh. Chomh maith le blaiseadh de go leor fíonta difriúla, faightear béile breá ann le dul leis an bhfíon, agus ceol na Spáinne á sheinm sa chúlra!
Tá go leor páirceanna siamsaíochta ar oileán Tenerife lán le hainmhithe, sleamhnáin uisce agus marcaíochtaí siamsaíochta eile. Gan ach cúpla ceann a ainmniú, tá Siam Park, Loro Park, Aqualand, Monkey Park, Lago Martianez agus Oasis Los Gigantes. Thaitin an dá cheann sin linn go háirithe.
Is páirc siamsaíochta uisce é Siam Park atá lonnaithe i Costa Adeje. Dar le TripAdvisor, is é seo an pháirc uisce is fearr ar domhan! Téann busanna go dtí an pháirc ó gach na foirgnimh, bialanna agus sleamhnáin ar fad tógtha faoin téama sin. Tá 12 shleamhnán éagsúla ar fáil tríd an bpáirc, ó chinn dhíreacha agus thapúla go cinn ghrúpa le rafta. Tá abhainn leisciúil i lár na páirce freisin agus is féidir do scíth a ligint ansin agus tú ag bogadh go mall ar rafta. Tá linn snámha ollmhór ann chomh maith, agus is anseo a gheofar an tonn bhréagach is mó ar domhan. Is áit iontach é seo le lá a chaitheamh
— do pháistí agus daoine fásta araon!
Nuair a bheidh an lá críochnaithe agat, is féidir siúl trasna an bhóthair chun píosa siopadóireachta a dhéanamh nó dinnéar a ithe san ionad siopadóireachta mór, Siam Mall.
Páirc álainn eile atá le fáil i Tenerife ná Monkey Park, lonnaithe ar imeall Los Cristi anos sa deisceart. Zú beag atá i gceist, ach an rud is fearr faoi ná gur zú idirghníomhach atá ann, agus eachtra an-saor é seo muna bhfuil fonnort mórán airgid
a chaitheamh ar ghníomh spéisiúil. Is féidir bia úr a thógáil leat (nó é a cheannach sa siopa ann) agus siúl timpeall ag tabhairt glasraí agus torthaí do na hainmhithe éagsúla.
Tá go leor ioguánaí, moncaithe, muca guine, agus toirtísí ann agus is féidir lámh a leagan orthu agus bia a thabhairt dóibh. Níl siad cúthaileach in aon chor agus is minic a ghoideann siad bia ó do lámh! Is áit álainn é le cúpla uair a chaitheamh agus bainfidh daoine de gach aoisghrúpa an-sult as an turas.
Dar ndóigh tá go leor suíomhanna turasóireachta eile le feiceáil timpeall an oileáin iontaigh seo, agus d’fhéadfá mí iomlán a chaitheamh ag déanamh rud éigin difriúil gach lá! Sa chéad alt eile, roinnfimid eolas ar an réimse leathan spóirt agus eachtraí gur féidir tabhairt fúthu in Tenerife.
Is féidir eolas breise a fháil faoi Tenerife agus áiteanna eile ar an mblag www. gaeltrip.com, nó ar an gcuntas Instagram @gaeltrip