Méadú mór ar líon na ndaoine ag rang Gaeilge
Tá méadú ollmhór ar líon na ndaoine fásta ag freastal ar ranganna Ghaeilge in ionaid ar fud an Tuaiscirt – mar gheall ar an rírá faoi Acht na Gaeilge.
In ionaid mar Chultúrlann McAdam Ó Fiaich, an Droichead, Áras Mhic Reachtain agus eile i mBéal Feirste, Cairde in Ard Mhacha agus Cultúrlann Uí Chanain i nDoire, tá ardú suntasach ar líon na bhfoghlaimeoirí atá ag freastal ar ranganna Gaeilge.
Bhí méadú faoi thrí ar líon na ndaoine a chláraigh do ranganna Gaeilge ag Cultúrlann McAdam Ó Fiaich agus suas le 100 ag freastal ar ranganna ar gach leibhéal ó ghlanfhoghlaimeoirí go hardleibhéal.
Tá méaduithe suntasacha á dtuairisciú in ionaid eile fosta agus scairteanna á ndéanamh chun breis múinteoirí Gaeilge a earcú.
Trasphobal
Agus tá an t-ardú seo ag titim amach ar bhonn trasphobalach nó tá méadú freisin ar an líon atá cláraithe do ranganna Gaeilge atá á reáchtáil ag Turas, an t-eagras a bhunaigh an gníomhaí teanga Linda Ervine ar Bhóthar Bhaile Nua na hArda i gceantar dílseachta Bhéal Feirste.
“Chláraigh 140 an tseachtain seo chaite agus táimid ag súil le níos mó arís an tseachtain seo — tá daoine ag iarraidh a fháil amach cén t-údar atá leis an gconspóid,” a dúirt Linda le Seachtain.
“Táimid ag fáil ar ais daoine a bhí linn cúpla bliain ó shin — cúis amháin le bheith buíoch d’fheachtas saor poiblíochta an DUP b’fhéidir.”
Is iad an DUP an páirtí atá in éadan Acht Gaeilge neamhspleách atá ina chnámh spairne sa Tuaisceart.