Dúshláin na gCúigí
Tá gortuithe ag cur as do Rob Kearney agus Rory Best faoi láthair agus ciallaíonn sé nach mbeidh ceachtar le feiceáil dá gcúige an tseachtain seo.
Ní bheidh aon stró ar Chúige Uladh as baile in aghaidh Zebre Dé Sathairn. Seasann an fhoireann Iodálach ar íochtar an tábla gan aon chluiche buaite acu go fóill, le Cúige Uladh ar bharr Ghrúpa A.
Timpeall
Feicfear Cúige Mumhan sa bhaile in éadan na Cardiff Blues. Níl séasúr na Blues tar éis dul chomh maith sin dóibh i mbliana. Chaill siad a gcéad trí chluiche ach d’athraigh siad rudaí sa Sportsground an tseachtain seo.
A mhalairt a bhí ag na Muimhnigh — bhuaigh siad achan chluiche go dtí an tseachtain seo caite nuair a chaill said go dona i gcoinne Glasgow Warriors. RUGBAÍ PRO14 Dé hAoine: Cúige Laighean v Dhún Éideann, RDS @19.35. Beo ar TG4; Scarlets v Chúige Chonnacht, Parc y Scarlets @19.35 Dé Sathairn: An Mhumhain v Caerdydd, Páirc Thuamhan @13.30; Zebre v Chúige Uladh, Stadio Sergio Lanfranchi @15.35
Roimhe sin san oíche Dé hAoine, tabharfaidh Cúige Laighean aghaidh ar Dhún Éideann. Bhí na hAlbanaigh iontach díomách i gcoinne Chúige Laighean i mbabhta a dó, ag cailleadh 37-9, agus arís sa chailliúint 20-17 as baile in adharca Benetton.
Beidh Cúige Laighean ag iarraidh na pointí a chrochadh leo, go háirithe tar éis an tslada 38-19 a rinneadh in aghaidh na Cheetahs.
Ní hé seo an tús a bhí Kieran Keane ag iarraidh le Cúige Chonnacht ach tabharfaidh siad aghaidh ar Parc y Scarlets chun casadh le seaimpíní an chomórtais ó anuraidh, na Scarlets.