An Mhí míshásta, ach tá seans eile ag Corcaigh
Críoch dhrámatúil a bhí againn i gcluiche ceannais idirmheánach camógaíochta na hÉireann trí seachtaine ó shin.
Séideadh an fheadóg dheireanach díreach nuair a bhí Megan Thynne ag cur na liathróide thar an trasnán chun an cluiche a bhaint den chéad uair don Mhí sa ghrád seo.
Ní mar a bhí agus chríochnaigh an dá fhoireann ar 1-9 an taobh, leis an athimirt Dé Domhnaigh i bPáirc na nGael, Luimneach, ag 2.30in.
Turas
Cúis eile nach bhfuil lucht tacaíochta camógaíochta na Mí sásta mar go bhfuil turas fillte 250km i gceist ón Uaimh agus ní dóigh le go leor go bhfeicfear an slua céanna ann.
Cibé, mothaítear nach mbeidh Corcaigh chomh dona an chéad lá eile. Chaill siad an babhta ceannais anuraidh ach is cúis imní dóibh nár aimsigh siad ach dhá scór ag tús an dara leath agus b’in é. D’imigh 25 bhomaite gan faic eile agus ghéill siad go leor pocanna saora. Bheifeá ag súil go dtiocfaidh feabhas air sin. Thiocfadh leis an Mhí a bheith an-mhuiníneach as a dtaispeántas. Níor chuir an ócáid isteach orthu agus bhí Aoife Minogue (ar chlé) ar fheabhas ar an ionsaí, le Jane Dolan iontach ábalta leis na pocanna saora. Fuair Kristina Troy an cúl chun iad a tharraingt ar ais sa chluiche agus d’oibrigh siad an-chrua ar fud na páirce. Beidh dúshlán mór rompu Dé Domhnaigh áfach chun an lámh in uachtar a fháil ar Chorcaigh a bhfuil an deis acu leorghníomh a dhéanamh ar a dtaispeántas ón chéad lá.