Leibhéal eile ag Áth Cliath
“Is iontach an mothúchán é,” a dúirt Noelle Healy tar éis cluiche ceannais sinsear na hÉireann a bhaint i bpeil na mban an tseachtain seo caite.
Tar éis cailleadh in 2014, 2015 agus 2016, léirigh Áth Cliath taispeántas agus mianta ar leibhéal eile chun a gcéad chomórtas a bhuachan ó 2010 agus an dara ceann ina stair peile.
Ar ócáid den scoth, d’fhreastail níos mó ná 46,000 duine ar an chluiche — curiarracht do spórt na mban — agus bhain achan duine sult mór as.
Shocraigh Maigh Eo síos go maith agus ní raibh mórán eatarthu go dtí gur chuir cúl Niamh McEvoy bearna trí phointe eatarthu leathbhealaigh fríd an chéad leath agus níor éirigh le Maigh Eo an bhearna sin a laghdú.
Sábháil
Cé gur cuireadh beirt den pháirc le cárta buí le cúig bhomaite le dhul — Yvonne Byrne sna cúil agus an cosantóir Rachel Kearns — rinne Aisling Tarpey sár-shábháilt ó chic éirice Shinéad Aherne chun Maigh Eo a choinneáil sa chluiche.
Ach sa dara leath, choinnigh Áth Cliath guaim orthu féin le cinnirí ar fud na páirce ag cur stop le sodar Mhaigh Eo. Imreoirí ar nós Shinéad Goldrick, Carla Rowe, laoch na himeartha Noelle Healy, agus Shinéad Aherne mar shampla, agus níor aimsigh Maigh Eo ach cúig phointe sa dara leath.
Tuigtear go maith cé chomh maith is atá binse Átha Cliath le Hannah O’Neill, Sarah McCaffrey agus Fiona Hudson ag brú na dea-oibre ar aghaidh. Fuair Sarah McCaffrey dhá chúl agus Carla Rowe an ceann eile agus b’in é. Briseadh croíthe Mhaigh Eo ach finscéal ceart d’Áth Cliath ag an cheathrú hiarracht. Is dócha go mbeidh Maigh Eo díomách as na seansanna a chuir siad amú. Dhá cheann déag ina iomlán agus an easpa smachta a chuir triúr den pháirc le cárta buí, Orla Conlon ina measc sa dara leath. Tá sé ró-luath fós do Cora Staunton, Yvonne Byrne agus Martha Carter cinneadh a dhéanamh ar a dtodhchaí ach tá seirbhís den scoth tugtha acu do gheansaí an chontae.
Dochreidte
Ach is le hÁth Cliath atá Corn Bhreandáin Uí Mháirtín agus mar a luaigh Sinéad Finnegan a raibh uirthi an pháirc a fhágáil go luath le gortú: “Tá sé dochreidte go bhfuil sé seo buaite againn.
“Chun é a bhaint le 31 chailín atá mar do chairde is fearr, ní féidir leat an mothú sin a mhothú.” Comhghairdeas leo uilig.
Sa chluiche Idirmheánach, bhuaigh Tiobraid Árann Corn Mary Quinn Memorial den chéad uair ó 2008, le Fear Manach agus Doire chun teacht le chéile arís san athimirt ar an 8 Deireadh Fómhair.