Irish Independent - Seachtain

Tá ceachtanna le foghlaim ag na fir ó pheil na mban

- MÍCHEÁL Ó MUIRCHEART­AIGH

Tá deireadh le cluichíoch­t i bPáirc an Chrócaigh don mbliain seo, bliain gur chóir do gach aon dream bheith mórálach as. Bhí méadú suntasach ar an líon daoine a dhein freastal ar na cluichí cuma cad ba chúis leis; bhí na cluichí iomána ar fheabhas ach níorbh amhlaidh ag an bpeil ar uairibh.

Más ea ní féidir aon rian de a leagadh ar pheileadói­rí Mhaigh Eo ná Áth Cliath.

Is féidir a rá go raibh spreagadh le fáil as cluichí na mban, go mórmhór Corcaigh agus Cill Chainnigh sa chamógaíoc­ht mar aon le peileadóir­í Átha Cliath agus Mhaigh Eo.

Ós rud é gur chuir cluiche ceannais peile na mban clabhsúr ar an mbiaiste imeartha don mbliain, nach tráthúil gur léiríodh Oll-Mhíorúilt ar stáitse aigne na ndaoine a bhí i láthair?

Sé bhí le feiscint ná os cionn 46,000 ag freastal ar an ócáid. Cé chreidfead­h a leithéid nuair cuireadh tús go hoifigiúil le peil na mban sa bhliain 1974?

Gan amhras tháinig an mórthrom- lach ós na contaethe a bhí in iomaíocht, Fear Manach agus Doire i ngrád na Sóisear, Tiobraid Árann agus Tír Eoghain mar ‘Idirmheána­igh’ sular tháinig Áth Cliath agus Maigh Eo chun páirce ar thóir Chraobh Sinsear na hÉireann.

Is iontach an dul chun cinn atá déanta ag peil na mban ar fud na tíre le tamall anuas. Is léir go bhfuil ardbhéim á leagadh ar leibhéal ard aclaíochta i dteannta le síor-chleachtad­h ar scileanna na himeartha.

In Áth Cliath a bheidh Corn Uí Mháirtín lonnaithe ar a laghad go dtí an tráth seo an bhliain seo chugainn. Is de bharr an bhua spleodraig­h a bhí ag lúithnirí an chontae in aghaidh Mhaigh Eo i gcluiche ceannais na sinsear gur tháinig a lá.

Bhí rithim iontach leis an imirt, scóranna slachtmhar­a agus gluaiseach­taí a bhí gasta agus meáite.

Is beag a bhí idir na foirne ar feadh i bhfad ach i ndeireadh báire bhí a mbua tuillte go maith ag Áth Cliath. Táim cinnte gurb í an taithí a ghnóthaíod­ar i gcluichí ceannais na mbliana 2014 go dtí 2016 a thug an buntáiste dóibh ar an nDomhnach.

Teip a bhí i ndán dóibh ins na trí cluichí ach is cinnte gur fhoghlamaí­odar a lán faoi nithe mar dhóchas, misneach agus méadú ar chleachtad­h na scileanna ar bhóithre na dtrí mbliain.

Traoslaími­d leo agus le pobal imeartha uilig na mban. Go leana an dul chun cinn.

Is dóigh liom féin agus roinnt mhaith daoine eile ar fud na tíre gur mithid do Chumann Lúthchleas Gael aithris a dhéanamh ar roinnt des na rialacha a bhaineann le peil na mban. Tá sé le tabhairt faoi ndeara ó glacadh leis an gclog speisialta chun faid ama an chluiche i bpeil na mban a rialú go bhfuil sé 100% sásúil.

Níl aon rún ag baint leis, bíonn sé le feiscint go soiléir agus ar threoir ón réiteoir stoptar é ar ócáidí atá réitithe roimh ré — gortuithe, moilleadói­reacht roimh chiceanna saora, am á mheilt ag lucht stiúrtha na bhfoirne a bhíonn chun tosaigh ag tarrach ar na neomataí deiridh tré sheoladh ionadaithe isteach sa chluiche agus bearta eile freisin.

Cad faoi cheist an chloig a chur ar chlár Comhdhála go luath?

Caithfidh mé a rá go gceapaim gur riail ana-éifeachtac­h é an ceann a rialaíonn go bhfuil an chumhacht ag réiteoirí imreoirí a sháraíonn rialacha áirithe a dhíbirt go dtí an loca pionóis ar feadh deich neomataí.

Glacann imreoirí pheil na mban leis. Is fearr go mór é ná cártaí dubha na bhfear.

Baineadh triail ghairid as ‘an loca pionóis’ i bpeil na bhfear tamall fada ó shin ach chuir na bainisteoi­rí go tréan ina aghaidh. Scoradh den dtriall agus b’ionann é agus géilleadh dos na bainisteoi­rí. ‘Truagh san, a Chaoilte a Chara.’ An bhfuil sé in am trial eile a bhaint as an loca? Oibríonn sé i bpeil na mban, sa rugar, i hacaí ar oighir, hacaí ar fhaiche, sa Rugby League, lacrosse agus go leor eile!

 ??  ?? Bua: Captaen Átha Cliath Sinéad Ahern
Bua: Captaen Átha Cliath Sinéad Ahern
 ??  ??
 ??  ??
 ??  ??

Newspapers in Irish

Newspapers from Ireland