Stair na Gaeilge bronnta ar Ollscoil na Gaillimhe
Tá níos mó ná céad bliain de stair na Gaeilge le caomhnú go deo mar gheall ar nasc nua idir OÉ Gaillimh agus Conradh na Gaeilge.
Tá an eagraíocht Ghaeilge is ársa in Éirinn, a bheidh ag ceiliúradh 125 bliain ar an bhfód an bhliain seo chugainn, lena chartlann iomlán a thabhairt don ollscoil. I measc na gcartlann tá litreacha ó Dhubhghlas de hÍde, grianghraif agus comhfhreagras ó Bhreandán Ó Beacháin, Pádraig Mac Piarais agus Tomás Ághas.
Coinneofar an chartlann i Seomra Léitheoireachta na mBailiúchán Speisialta in OÉ Gaillimh áit a bhfuil scoth na n-áiseanna do thaighdeoirí.
Lámhscríbhinní
Áirítear orthu seo lámhscríbhinní a bhaineann le Dubhghlas de hÍde, bailiúchán Bhairéad d’fhoinsí béaloidis, agus páipéir a bhaineann le daoine mór le rá ón bhfichiú haois cosúil le Pádraig Ó Mathúna, Proinsias Mac Aonghusa agus Éamon de Buitléar. Beidh an t-ábhar ar fad ar fáil ar líne. Dúirt Uachtarán Chonradh na Gaeilge Niall Comer: “In ainneoin go bhfuil staraithe, an lucht acadúil agus scoláirí ag cur spéise i gcartlann Chonradh na Gaeilge le blianta fada anuas, níorbh é go dtí le himeacht cheart aimsire gur tuigeadh go hiomlán an luach a bhí leis an gcartlann chéanna.
“Anois beidh an tseoid seo ar fáil go forleathan.”
Dúirt Uachtarán OÉ Gaillimh, an Dr Jim Browne: “Is onóir é do OÉ Gaillimh oibriú le Conradh na Gaeilge.
“Tá tábhacht i bhfad níos leithne ag baint leis an gcartlann ná an Ghaeilge féin mar go gcuimsíonn sí gnéithe sóisialta, cultúrtha agus stairiúla na hÉireann agus an fhorbairt atá déanta againn mar náisiún.”