Ar leathghlúin: teachtaireacht láidir do Trump
Dul ar leathghlúin, ba ghné iontach dearfach é seo riamh. Dóibh siúd ná raibh suíochán acu ag an Aifreann (fadó) bhíodh orthu dul ar leathghlúin. Ba chuma ann ag lorg maithiúnais a bhíodar nó ag guí do dhuine éigin eile, bhí maitheas á dhéanamh.
Sa tslí chéanna nuair a théann fear nó bean ar leathghlúin chun an cheist mhór a chur. Sea, is eachtra dhearfach é an pósadh (bhuel dár bhformhór pé scéal é).
Le cúpla seachtain anuas anois tá cuid de imreoirí peile Mheiriceá ag dul ar leathghlúin le linn an amhráin náisiúnta agus é seo ar fad dírithe ar an Uachtarán Trump (thíos).
Deir Trump gur gníomh i gcoinne na brataí é seo agus dá bhrí sin gur gníomh i gcoinne na tíre é — ní fheiceann sé gur ina choinne féin atá sé agus sin sin!
I measc na rudaí ar fad atá déanta aige ó tháinig sé i gcumhacht, is é seo an rud is neamh-uachtaránúla atá déanta aige. Toisc go bhfuil an scéal seo ag dul ar aghaidh ar Twitter sé is measa dúinn ar fad é.
Ceist a thagann aníos i gcónaí ná ‘an féidir polaitíocht agus spórt a scarúint?’ Agus ní dóibh liom gur féidir i ndáiríre mar an phríomhghné a bhaineann leis an dá rud is ea daoine!
Siad daoine croílár aon spóirt, idir iad siúd a bhíonn ag imirt agus iad siúd a leanann é, agus sé an dá mhar a chéile é leis an bpolaitíocht. An méid sin ráite ní maith linn nuair a thagann an dá rud salach ar a chéile. Úsáideann a lán daoine an spórt chun éalú ó chúrsaí an tsaoil agus nuair a thagann siad le chéile bíonn siad bailithe!
Tháinig saol na polaitíochta agus saol an spóirt salach ar a chéile cúpla uair i stair na tíre seo ach ní raibh aon tabhairt fé imreoirí. Ní tharlódh sé in Éirinn mar go dtuigeann polaiteoirí na tíre tábhacht an spóirt. Samhlaigh an tUachtarán Mícheál D nó an Taoiseach Leo ag tabhairt amach fé aon imreoir fé mar atá déanta ag an Uachtarán Trump — bheadh deireadh leo dar liom. Tá sé tábhachtach a rá chomh maith go dtógann na Poncánaigh spórt chomh dáiríre is a thógann muidne sa tír seo iad. Mar sin an mbeidh tionchar diúltach aige seo ar fhear an Tí Bháin? Beidh le feiscint, ach ní buille marfach na muice a bheidh ann!