Irish Independent - Seachtain

Saoire lánle spórt

Anuraidh ghlac an múinteoir Emma Ní Nualláin as Cill Chainnigh sos gairme le taisteal timpeall an domhain lena fear céile Oisín Mac Cinnéide... agus seo a dara halt faoina dturas is déanaí chuig Tenerife...

-

Téann an chuid is mó de na turasóirí chuig an oileán Canárach Tenerife chun saoire a thógáil faoin ngrian agus é a ghlacadh go réidh ar an trá nó cuairt a thabhairt ar na suíomhanna turasóirea­chta. San alt an tseachtain seo caite, mholamar an réimse leathan áiseanna atá le fáil ar an oileán, ach b’fhéidir go mbeidh an t-eolas san eagrán seo níos oiriúnaí daoibhse a bhíonn tógtha le saoire ghníomhach, lán le heachtraí!

Ó thaobh cúrsaí spóirt de, ní fhéadfaí dul chuig áit eile atá chomh lán le roghanna is atá oileán Tenerife, rud atá aitheanta ag réaltaí móra an spóirt. Téann foirne Oilimpeach­a ann ó go leor tíortha le traenáil a dhéanamh san aimsir the, ó fhoirne eitpheile, go foirne lúthchleas­aíochta agus rothaíocht­a.

D’fhéadfá bheith ag siúl cois farraige agus foireann eitpheile na Rúise nó na Polainne i mbun traenála in aice leat ar an trá. Má théann tú gar don raon reatha sa deisceart, seans go bhfeicfidh tú rábálaithe ó Shasana nó ó Éirinn fiú agus iad ag rith ar luas lasrach faoi stiúir a mbainisteo­irí.

Nó más duine maidine thú, b’fhéidir go leagfá súil ar rothaithe cáiliúla ón Tour de France thuas sna sléibhte agus iad ag ullmhú dá gcéad chomórtas eile.

Tógann roinnt de na rothaithe díograisea­cha a rothar féin leo ar an eitleán agus téann siad ar shaoire rothaíocht­a timpeall an oileáin ar feadh seachtain nó dhó. Tá go leor siopaí timpeall na háite freisin áfach, agus is féidir leis an ngnáthdhui­ne rothar a fháil ar cíos iontu. Bíonn léarscáile­anna ar fáil iontu de bhealaí rothaíocht­a nó is féidir go leor smaointí a fháil ar líne freisin.

Anuas ar bhealaí rothaíocht­a, tá go leor siúlóidí deasa le déanamh timpeall an oileáin, sa deisceart go háirithe. Thaitin an dá shiúlóid seo linn thar aon cheann eile: Siúlóid Chósta 10km: La Caleta go Los Cristianos Is féidir siúlóid (nó rith) álainn a dhéanamh ar imeall an chósta sa deisceart atá 10km i bhfad. Is fiú bus áitiúil a fháil ar dtús chun dul chuig an mbaile beag iascaireac­hta La Caleta. Is sráidbhail­e an-bheag é, ach is áit an-suaimhneac­h agus chiúin é, atá beagáinín scartha ó na bailte eile a bhíonn lán le turasóirí.

Tar éis duit cupán blasta caife a ól ansin, is féidir tús a chur leis an tsiúlóid agus an cosán a leanúint tríd na bailte cósta ar fad; Playa El Duque, Playa Torviscas, Puerto Colon, Costa Adeje, Las Americas agus Los Cristianos.

Tá tréithe difriúla ag baint le gach ceann acu ach tá siad ar fad an-ghleoite agus iad lonnaithe díreach in aice leis an bhfarraige. Is féidir an 10km a chlúdú ar an bpromanáid (ag rith nó ag siúl) laistigh de dhá uair an chloig, ach muna bhfuil deifir ort, d’fhéadfá an lá ar fad a chaitheamh ag siúl go mall ó bhaile go baile, agus sosanna minice a thógáil sna mílte siopa, bialann agus beár atá ar fáil ar an mbealach. Gleann Masca Is sráidbhail­e beag é Masca atá lonnaithe in iarthar an oileáin. Tá clú agus cáil ar an mbaile seo mar gheall ar an suíomh ina bhfuil sé lonnaithe agus an tír-radharc atá ann.

Is eispéireas ceart é an turas síos ann sa charr nó bus, mar tá an sráidbhail­e lonnaithe thíos i ngleann domhain ar bharr cnoc beag. Tá an sráidbhail­e timpeallai­the ag sléibhte, ach tá an fharraige le feiceáil i bhfad thíos sa ghleann.

Tá siúlóid iontach ann gur féidir a dhéanamh ó bhaile Masca, síos tríd an ngleann chomh fada leis an bhfarraige. Siúlóid 7.5km atá ann, ach tógann sé 3.5 uair an chloig (don duine aclaí) chun é a chríochnú.

Tá an tsiúlóid dúshlánach go leor toisc go mbíonn ort dreapadh thar charraigea­cha móra anois is arís, nó srutháin bheaga a trasnú. Críochnaío­nn an tsiúlóid síos ag bun an ghleanna ag trá álainn, agus is féidir dul ag snámh ann.

Bíonn báid ag dul ar ais chuig Los Gigantes uaidh sin go minic, agus is féidir na haillte arda a fheiceáil ón bhfarraige agus tú ag filleadh ón tsiúlóid ar an mbád.

Óthaobh each traí uisce de, d’fhéadfá dul ag snámh nó cadhc a fháil ar cíos nó dul amach ar luasb hád. Is í eachtra uisce is mó éileamh ar an oileán seo áfach ná surfáil. Aithnítear Tenerife mar lár-ionad tonnmharca­íochta, atá go mór le rá i measc an phobail surfála timpeall na cruinne.

Tá iliomad scoileanna tonnmharca­íochta

 ??  ?? Spraoi: Bothán surfála cois trá Craic: Emma agus Oisín i mbun siúlóide i nGleann Masca
Spraoi: Bothán surfála cois trá Craic: Emma agus Oisín i mbun siúlóide i nGleann Masca

Newspapers in Irish

Newspapers from Ireland