An Cheapadóireacht
Seo roinnt seanfhocal a bheadh oiriúnach do réimse leathan ábhar sa cheapadóireacht.
Aithníonn ciaróg ciaróg eile.
An rud is annamh is iontach.
Bíonn siúlach scéalach.
Bíonn an fhírinne searbh.
Ar scáth a chéile a mhaireann na daoine.
Is fearr déanach ná choíche.
Ní lia duine ná tuairim.
Is maith an scéalaí an aimsir.
Tús maith, leath na hoibre.
Ní neart go cur le chéile.
I dtús na haicíde is fusa í a leigheas.
Tá nathanna cainte tábhachtach freisin, toisc go bhfuil 80/100 marc ag dul ar shaibhreas agus ar chruinneas na teanga. Is maith an rud é a thaispeáint go bhfuil nathanna deasa cainte ar do thoil agat.
Nathanna diúltacha:
Tá an scéal seo ag dó na geirbe agam.
Tá nimh san fheoil agam do scéalta mar seo.
Táim dúdhóite de.
Tá an scéal ag dul ó mhaol go mullach. (ag dul in olcas)
Tá sé ina raic / Is praiseach amach is amach é.
Is feic saolta é. (náireach)
Is ag snámh in aghaidh easa atá muid.
Tá an fhadhb chomh daingean le carraig.
Is ábhar conspóideach é an scéal seo.
Tá rudaí ar fudar fadar. (ina phraiseach)
Nathanna ginearálta:
Tá an cheist seo go mór i mbéal an phobail.
Ní ceart é a chur ar an méar fhada, is fearr dul i ngleic leis láithreach.
Is í an chloch is mó ar mo phaidrín ná X.
Tá an cairde caite. (tá lá na cinniúna tagtha) Níl mire ná meisce air. (tá sé cumasach)