Irish Independent - Seachtain

An Aimsir Láithreach

-

A chara, Cabhróidh an leagan amach seo leat rialacha na mbriathra i ngach aon aimsir a fhoghlaim. Bain aon litir bhuí amach nuair a bhíonn an briathar sin á chur san Aimsir Láithreach agat. Feicfidh tú go bhfuil na gutaí dearga ag meaitseáil. Sin mar gheall ar an riail ‘Caol le Caol agus Leathan le Leathan’ a d’fhoghlaim muid an tseachtain seo caite. Chun an briathar a úsáid ar bhealach diúltach, cuireann tú ní + séimhiú (más féidir) roimh an mbriathar. Chun ceisteanna díreacha a chruthú, cuireann tú an + urú (más féidir) roimh an mbriathar. Chun ceisteanna diúltacha a chruthú, cuireann tú nach + urú (más féidir) roimh an mbriathar. Má thosaíonn an briathar le guta, cuireann tú nach + n- roimhe.

Bí cúramach!

Conas a bhíonn a fhios agat cén t-urú atá ag teastáil? Tá neamónacha (mnemonics) ann a úsáidtear chun cuimhneamh orthu. Seo ceann amháin: “My Brother Got Caught Not Doing Dishes Tonight Nobody Gets Blueberry Pie Before He Finishes” mB/gC/nD/dT/nG/bP/bhF. 1. Déan cur síos ar obair laethúil na ndaoine seo do do pháirtí ranga: múinteoir - bean tí - aisteoir - feirmeoir freastalaí. 2. Oscail léamhthuis­cint i do théacsleab­har agus pioc amach na samplaí ar fad den Aimsir Láithreach. 3. Scríobh cúig líne faoi na rudaí éagsúla a dhéanann tú sna hábhair éagsúla ar scoil. 4. Foghlaim conas suíomh na mbriathra ‘An Foclóir Beag’ a úsáid. Cuir na briathra seo a leanas san Aimsir Láithreach: Codail - Cabhraigh - Eitil - Cuardaigh - Scríobh - Cráigh Imigh - Iompair.

 ??  ??
 ??  ??
 ??  ??
 ??  ??

Newspapers in Irish

Newspapers from Ireland