Irish Independent - Seachtain

Laighnigh dóchasach achtáan Mhumhain muiníneach

- GRÁINNE McELWAIN

Cúige Laighean agus Cúige Mumhan cluiche mór an deiridh seachtaine leis an dá fhoireann sa dara háit ina ngrúpa féin.

D’éirigh le Cúige Laighean a gcéad dá chluiche a bhuachan ach le drochchail­liúintí san Afraic Theas, bhí siad buíoch as toradh an deiridh seachtaine seo caite le bua 21-13 ar Dhún Éideann.

Seo an chéad uair a bheidh an painéal iomlán as Cúige Laighean le chéile le trí seachtaine agus tá Leo Cullen (thíos )ag dúil go mór leis an chéad chluiche mór idir na foirne i mbliana.

Dearfach

“Tuigim go bhfuil go leor oibre le déanamh againn tar éis chluiche Dhún Éideann ach fuair muid an toradh agus tá sé sin dearfach,” a dúirt sé. Ba chóir go bhfeicfimi­d go leor den fhoireann idirnáisiú­nta ar ais ag Rugbaí: PRO14 Cúige Uladh v Chúige Chonnacht, Staid Kingspan, Dé hAoine @19.35 Cúige Laighean v na Mumhan, Staid Aviva, Dé Sathairn @14.00 imirt leo. Níl ach cluiche amháin as cúig cinn caillte ag an Mhumhain go dtí seo, le Ian Keatley mar laoch na himeartha in aghaidh na Cardiff Blues sa bhua 39-16. Thosaigh Conor Murray, Peter O’Mahony agus CJ Stander sa chluiche sin agus cé nár fhan siad ar an pháirc go dtí an bomaite deireanach, ba chóir go mbeadh siad réidh don ochtó bomaite uilig Dé Sathairn. Cúis imní ná go ndearna an líne chúil go leor botún. Chaill siad na naoi ngreamú ar fad, pointe a thug na Laighnigh faoi deara. Seans maith nach mbeidh Jaco Taute ar fáil tar éis dó an pháirc a fhágáil de bharr gortú. Dúshlán mór roimh Chúige Chonnacht as baile in aghaidh Chúige Uladh Dé hAoine fosta agus le ceithre chluiche as cúig cinn caillte ag na Connachtai­gh, is deacair a cheapadh go bhfeicfear an taoide ag casadh anseo.

 ??  ?? Bua: Laoch na himeartha Ian Keatley ag scóráil in aghaidh na Cardiff Blues
Bua: Laoch na himeartha Ian Keatley ag scóráil in aghaidh na Cardiff Blues
 ??  ??

Newspapers in Irish

Newspapers from Ireland