Irish Independent - Seachtain

Tádhábhuai gceithre lá de dhíth ar Éirinn

- GRÁINNE McELWAIN

Tá deireadh ag teacht leis na babhtaí cáilithe d’áit i gCraobh Dhomhanda 2018 sa Rúis, le buanna ag teastáil ó Éirinn i gcoinne na Moldóive agus na Breataine Bige chun a n-áit a chinntiú ag an chomórtas.

Dé hAoine casfaidh siad leis an Mholdóiv i Staid Aviva ag 7.45in. Déanfar cuíchóiriú ar fhoireann na hÉireann de dheasca gortuithe agus fionraí don chluiche seo.

Ní ghlacfaidh James McClean ná Robbie Brady páirt sa chluiche mar gheall ar fhionraí agus cé go bhfuil James McCarthy ainmnithe ar an phainéal, níl sé tar éis imirt ó mhí Iúil lena chlub Everton.

Thiocfadh leat a rá nach bhfuil bainisteoi­r s’aige Ronald Koeman ró-thógtha leis agus mhínigh Koeman do na meáin chumarsáid­e: “Caithfidh imreoirí a bheith cúramach faoi rioscaí a thógáil agus iad ag imirt mar gur muidne a íocann a bpá.”

Cúl

Beidh le feiceáil cén sórt róil a bheas ag McCarthy sa dá chluiche romhainn. Dea-scéal ná go mba chóir go mbeadh Jeff Hendrick ar ais chuige féin ó ghortú agus cúl an bhua á fháil aige dá chlub Burnley in aghaidh Everton Dé Domhnaigh.

D’ainmnigh Martin O’Neill Scott Horgan as Aston Villa, Sean Maguire ó Preston agus Aiden O’Brien as Millwall ar an phainéal. Easpa cúil atá ina cnámh spairne d’fhoireann na hÉireann agus le 18 gcúl as 37 gcluiche aimsithe ag Horgan do Brentford agus Aston Villa, an é sin réiteach na faidhbe?

Bhuaigh Éire 3-1 as baile mí Dheireadh Fómhair seo caite in aghaidh na Moldóive agus bheifeá ag súil le toradh cosúil leis Dé hAoine, mar nár bhuaigh an Mholdóiv aon chluiche agus iad ar íochtar ghrúpa D.

Cluiche iomlán difriúil a bheidh os ár gcomhair san oíche Dé Luain i gcoinne na Breataine Bige in Caerdydd. Má chailleann an Bhreatain Bheag amach ar áit sna cluichí réitigh, beidh siad thar a bheith díomách faoi na pointí a fágadh ina ndiaidh mar gur chríochnai­gh cúig cinn as a n-ocht gcluiche ar comhscór. Corn Sacair an Domhain, Grúpa D Éire v na Moldóive, Staid Aviva, Dé hAoine @19.45 An Bhreatain Bheag v na hÉireann, Staid Caerdydd, Dé Luain @19.45 Ach is ó neart go neart atá a ndúshlán anois. Sna trí chluiche dheireanac­ha a imríodh, d’éirigh leo comhscór a aimsiú leis an tSeirbia, le bua 1-0 ar an Ostair sular chríochnói­dh siad 2-0 chun cinn ar an Mholdóiv go luath ina dhiaidh sin. Pointe dóchais d’Éirinn go bhfuil ráflaí ann nach mbeidh Gareth Bale (ar chlé) ann de deasca gortú.

Comharsana

Tuigtear go mba chóir go gcáileodh an tSeirbia láithreach don Chraobh Dhomhanda agus iad ceithre phointe chun tosaigh ar an Bhreatain Bheag sa dara háit. Mar sin is idir Éire agus an Bhreatain Bheag an áit don chluiche réitigh, le hÉirinn pointe taobh thiar dár gcomharsan­a. Chríochnai­gh an cluiche idir an dá fhoireann seo ar comhscór i mí an Mhárta ach ní leor sin do cheachtar foireann san oíche Dé Luain.

 ??  ??
 ??  ??

Newspapers in Irish

Newspapers from Ireland