Irish Independent - Seachtain

Meon feabhais ag neartú anois

- MÍCHEÁL Ó MUIRCHEART­AIGH

Seachas Comhdháil Speisialta an tSathairn bhí tost agus ciúnas i réim i bPáirc an Chrócaigh ag an deireadh seachtaine. Ba dheacair é a shamhlú tar éis dul i dtaithí ar shraith de imeachtaí spreagúla a thosnaigh níos túisce ná críoch an tsamhraidh.

Tuigimid is dócha nach bhfuil i ngach aon rud ach seal agus mar sin glacaimid leis gur i bpáirceann­a imeartha na gclub a bheidh ár n-aire dírithe go dtí go mbeidh críoch curtha le Craobhacha Contae na gclubanna. Tuigfidh fiú na faoileáin sara fada go bhfuil bialann Pháirc an Chrócaigh iata ar an nDomhnach agus ní bheidh moill orthu a ndílseacht don Aviva agus ionaid eile ar fud an chontae a léiriú.

Fillimis anois ar Chomhdháil an tSathairn seo caite i bPáirc an Chrócaigh mar dá bharr beidh athruithe suntasacha le sonrú leis an gcur chuige i gCraobhach­a Iomána na Mumhan agus Laighean.

Is maith go bhfuil plean nua le feidhmiú ar feadh tréimhse trí bliana ag tosnú an bhliain seo chugainn.

Cúig chontae a bheidh sa chomórtas do Chraobh na Mumhan (iad uilig cé is moite de Chiarraí) agus an líon céanna do Chraobh Laighean (Gaillimh, Cill Chainnigh, Loch Garman, Áth Cliath agus Uíbh Fhailí). Imreoidh siad in aghaidh a chéile i ngach cás agus is ionann san agus a chinntiú go mbeidh ceithre chluiche acu uilig agus péire díobh in ionad baile.

Is iontach go mbeidh breis úsáide á bhaint as ionaid imeartha Luimnigh agus an Chláir chomh maith le Durlas Éile agus Corcaigh sa Mhumhain agus as ionaid na Gaillimhe, Laoise, Uíbh Fhailí agus Loch Garman chomh maith le Páirc an Chrócaigh i gCúige Laighean le linn na tréimhse atá aontaithe.

Nuair bheidh deireadh le Plancstaí na Spideoige sa dá chúige imre- oidh an péire in uachtar i gcluiche ceannais an chúige, beidh ionad i gcluiche leathchean­nais Éireann ag na curaidh agus ionad ag na tánaistí sa bhabhta ceathrú ceannais. Níl locht air sin agus beidh an chuid eile fós sa chomórtas do Chraobh Uile-Éireann mar aon le péire ó ‘Rannóg a Dó’ (foirne áirithe nach raibh i measc na gcúigear).

Níl le déanamh anois ach beannacht speisialta d’fháil ó Chomhdháil na ‘Cásca’ i bhfoirm beirt réiteoirí i ngach cluiche agus an Clog Spóirt atá faiseanta go fairsing ar fud an domhain in úsáid. Guímid rath air.

Bhí feacadh glúine réalaíoch chun deireadh a chur le nós a bhí i gcleachtad­h sa pheil le tamall anuas — an cic amach gairid. Deineadh leasú air agus ar feadh achar eile ach go háirithe ní mór don pheil bheith lasmuigh den líne 20 méadar sular féidir le ball den fhoireann atá ag cosaint seilbh a ghabháil uirthi.

Is folláin an leasú é mar bhí an cic amach gairid leamh agus glan in aghaidh sprid na hiomaíocht­a atá bunúsach i gcluichí foirne mar pheil Ghaelach.

 ??  ??

Newspapers in Irish

Newspapers from Ireland