Irish Independent - Seachtain

Slán brónach le hAoife óna clann in RTÉ

- DÁITHÍ ÓSÉ

Is dóigh liom go bhféachann daoine ar RTÉ mar chainéal teilifíse agus sin é, ach taobh thiar dos na scáileáin agus na ceamaraí tá daoine — agus le daoine tagann clann. Tá clann RTÉ i gCorcaigh ana-láidir agus tháinig sé sin chun solais an tseachtain seo. Bhíodh ógbhean darbh ainm Aoife O’Callaghan ag obair linn agus thart ar dhá bhliain ó shin tháinig an scéal chomh fada linn go raibh ailse bhrollaigh uirthi.

Thug Aoife fé seo mar a thug sí aghaidh ar gach rud, díreach ar aghaidh. Bhí a spiorad mar shampla dúinn ar fad.

Níor lig sí dó seo teacht sa tslí ar a clann agus gnéithe eile den saol.

Ní ró-fhada ina dhiaidh seo go dtáinig an scéal chugainn go raibh feabhas ag teacht uirthi — agus ‘ní nach ionadh’ a bhí á rá againn mar ná raibh sí ach sna luath-thríochaid­í.

Nuair a chloiseann tú go bhfuil duine ag déanamh go maith téann siad go cúl do chinn agus sin a tharla domsa sa chás seo. Is dóigh gur imigh an chuid is fearr do bhliain agus tháinig scéal eile fé Aoife agus an uair seo ní raibh dea-scéal ann. Ní raibh ach cúpla seachtain aici.

Seo bean a bhí sa stiúideo linn gach lá ar an urlár. Bhain sé seo geit asam. Is ag an bpointe seo a thagann rudaí ar ais chugat. Ba í Aoife an chéad bhean a chuir ceist gach maidin Luain fé gach éinne sa bhaile, ba í an chéad duine a bheannaigh an áit oibre le gáire. Bean mhór chraice a bhí inti agus í i gcónaí ag lorg scéalta an deiridh seachtaine. Cailleadh Aoife ag deireadh mhí Iúil agus toisc go raibh daoine imithe ar saoire ag an am theastaigh óna clann in RTÉ i gCorcaigh Aifreann a cheiliúrad­h di. Bhíomar ar fad ann agus an ceol ar fad curtha le chéile ag a cairde oibre mar aon leis an léamh ar fad.

Tháinig an tAthair Dermot anuas ó RTÉ Bhaile Átha Cliath chomh maith. Bhí an tAifreann go hálainn agus chuaigh an méid seo ar fad isteach inár gcroíthe. Bhí tuismitheo­irí Aoife ann chomh maith agus bhí sé soiléir go ndeachaigh sé seo i bhfeidhm go mór orthu. Bhí fear céile Aoife, Ollie, agus a mac Dillon ann agus bhris mo chroí ina dhá leath nuair a d’fhéach an leaid óg suas orm. Bhí tae againn sa stiúideo ina dhiaidh agus labhair cuid dá cairde fúithi. Chuas abhaile an tráthnóna sin go dobrónach mar go raibh sí imithe agus go gealgháire­ach ag cuimhneach siar uirthi.

} “Ba í Aoife an chéad bhean a chuir ceist gach maidin Luain fé gach éinne sa bhaile, ba í an chéad duine a bheannaigh an áit oibre }le gáire”

 ??  ?? Cailleadh: Aoife O’Callaghan ar saoire
Cailleadh: Aoife O’Callaghan ar saoire
 ??  ??

Newspapers in Irish

Newspapers from Ireland