Ophelia: Airgead ón Eoraip de dhíth
Cístí na dtubaistí ar fáil chun cuidiú le hathchóiriú na tíre
D’fhéadfadh an Rialtas cistí Eorpacha a úsáid chun cabhrú le damáiste a rinne Spéirling Ophelia a dheisiú agus na mílte teach fós gan aibhléis inniu.
B’éigean scoileanna a dhúnadh den dara lá inné mar gheall ar an stoirm ba mheasa in Éirinn le 56 bliana anuas a d’fhág smionagar ar bhóithre ar fud na tíre.
Fuair triúr bás sa stoirm, i bPort Láirge, Lú agus Tiobraid Árann.
Dúirt an Taoiseach Leo Varadkar go n-úsáidfear “acmhainní iomlána an stáit” chun an tír a athchóiriú.
Tháinig foirne deisiúcháin aibhléise ón mBreatain go deireanach aréir chun cabhrú le Líonraí BSL ach d’fhéadfadh go mbeidh ar roinnt custaiméirí fanacht seachtain eile sula mbeidh cumhacht acu arís.
Is féidir le hÉirinn airgead a fháil ó Chiste Dlúthpháirtíochta an Aontais Eorpaigh chun cabhrú le híoc as costais na stoirme.
Bunaíodh an Ciste Dlúthpháirtíochta in 2002 i ndiaidh droch-thuilte i lár na hEorpa. Is é a phríomhfheidhm cúnamh airgeadais a chur ar fáil do réigiúin ar fud na hEorpa nuair a tharlaíonn tubaistí iontu. Ó 2002 i leith úsáideadh é le haghaidh 76 thubaiste dá leithéid.
Damáiste
De bharr líon mór an damáiste ar fud na tíre i ndiaidh Spéirling Ophelia, beidh Éire i dteideal maoiniú ón gCiste.
Caithfear iarratas a chur faoi bhráid an Choimisiúin Eorpaigh laistigh de 12 sheachtain den tubaiste.
“Níl aon amhras orm ach go gcuirfidh an Rialtas iarratas isteach chun na cistí sin a tharraingt anuas a luaithe is a thugtar faoi na bearta tosaigh éigeandála agus faoisimh,” a dúirt an Seanadóir Neale Richmond.
Agus scoileanna ag athoscailt inniu agus naisc iompair á dtosú arís tá measúnú fós ar bun ar chostas na stoirme, ach beidh na milliúin euro i gceist.
Tá fearg ar dhaoine leo siúd a rinne neamhaird d’fholáirimh agus a chuaigh ag snámh san fharraige i nGaillimh.
Bhí fearg ar dhaoine freisin mar gheall ar chomhlachtaí a d’úsáid an stoirm chun iad féin a chur chun cinn — tithe tábhairne a chuir tairiscintí speisialta dí ar fáil do mhúinteoirí a bhí ar lá saor ina measc. 7 Locals cut