Irish Independent - Seachtain

Ghéill mé a chairde, tá geansaí na Gaillimhe ag mo mhaicín óg!

- DÁITHÍ ÓSÉ

Ná géill, a dúirt mo dheartháir liom nuair a chuireas pictiúr de gheansaí na Gaillimhe chuige a bhíos ag fáil don leaid óg.

Tá geansaí Chiarraí — cúpla ceann — aige agus geansaí an Chláir chomh maith, mar aon le ceann Naomh Thomáis (droch-dheireadh seachtaine ag na leaideanna sin!). Ach toisc go bhfuil iomaíocht mhór idir an dá chontae seo sa pheil, bhí leisce orm ceann na Gaillimhe a fháil dó!

Tá an corn ag teacht chun na scoile an tseachtain seo agus tháinig litir abhaile ag rá linn dathanna na Gaillimhe a chur ar na páistí agus sin mar a tharla, tháinig geansaí na Gaillimhe isteach sa tig den gcéad uair agus ní den uair dheireanac­h!

Chuireas an pictiúr ar Twitter agus thaithin sé le Joe Canning agus chuireas teachtaire­acht ar ais chuige ag rá go raibh baint mhór aige leis seo. Bhain sé gáire as.

Tá cara maith agam ón ndaingean agus tagann an t-athair ón ngaillimh agus cheap sé siúd chomh maith na blianta ó shin go mbeadh a mhac ag leanúint na Gaillimhe — ní raibh sé i bhfad ag teacht chun suntais gurb iad an t-ór and glas a bheadh aige!

Níor chuir sé isteach orm i ndáiríre — is geansaí an CLG atá ann agus is dócha go mbeidh athrú ag teacht air seo i gceann cúpla bliain.

Tá an t-uafás brú ar pháistí scoile an lae inniu dul le foirne sacair Shasana agus iad sin a leanúint. Seo rud nár dheineas nuair a bhíos óg.

Is cuimhin liom dul amach ag féachaint ar Eric Cantana ag imirt agus thaithin sé seo go mór liom ach nuair a chríochnai­gh sé chríochnío­s leis!

Is mó de shuim a bhí agam sa chaid agus san iomáint, ach le linn m’óige bhí sórt brú foireann éigin a leanúint agus dhein a lán chun bheith páirt don slua. Is dul in olcas atá sé seo na laethanta dar liom!

Gan dabht beidh duine ag rá cad atá mícheart le geansaithe Learpholl nó aon cheann eile a chur air agus deirim leo nach bhfuil faic mícheart ach gur fearr liomsa geansaithe CLG — mar sin a bhí agam fhéin agus teastaíonn uaim na rudaí a bhí agam fhéin nuair a bhíos óg a thabhairt ar aghaidh go dtí an chéad ghlúin eile.

Mar a dúirt — seans go mbeidh Mícheál Óg ag lorg geansaí sacair agus má bhíonn tá sé sin ceart go leor chomh maith.

Pé scéal é tiocfaidh deireadh le ‘Up The Kingdom’ in áit an ‘Ghaillimh Abú’ ach a fhad is go bhfuil sé sásta is cuma liom fé aon rud eile!

 ??  ?? Ré úr: Dáithí ag ceannach geansaí dá mhac
Ré úr: Dáithí ag ceannach geansaí dá mhac
 ??  ??

Newspapers in Irish

Newspapers from Ireland