Irish Independent - Seachtain

Séasúr na seoltaí

- Le Concubhar Ó Liatháin

Taca an ama seo den bhliain agus tá rud amháin ar aigne gach Gaeil — cá bhfaighidh sé nó sí lóistín i gCill Airne d’Oireachtas na Samhna, féile mhór na Gaeilge?

Gan ach coicís fágtha go n-osclófar an fhéile go hoifigiúil, tá amhráin á gcleachtad­h ag fonnadóirí sean-nóis, tá steipeanna á gcumadh ag na damhsóirí, tá lucht agallamh beirte ag cur faobhar ar a gcuid véarsaí grinn is meitheal na lúibíní ag canadh leo go binn.

Ach is mó ná comórtais a tharlaíonn ag an Oireachtas nó is aonach mór é ag a seoltar na nua-rudaí Gaeilge ar fad — idir scannáin is leabhair, scéimeanna is chluichí agus bheartais uaillmhian­acha.

Agus i mbliana tá fómhar spleodrach le baint ag lucht léitheoire­achta is féachana na Gaeilge nó is liosta le háireamh iad na saothair úra a bheidh á nochtadh don bpobal ag ócáidí éagsúla ag an Oireachtas ón gcéad lá, an 30 Deireadh Fómhair, go ceann scríbe oíche Dé Sathairn, díreach roimh Chorn Uí Riada.

Cuirfear tús le séasúr na seoltaí le lainseáil leabhair úr ar stair TG4, Súil Eile, le heagarthói­r tuairisc.ie agus Comhar, Seán Tadhg Ó Gairbhí, a bheidh á sheoladh ag an iar-Choimisiné­ir Teanga, Seán Ó Cuirreáin, Dé Céadaoin, díreach roimh ócáid bhronnta na nGradam Cumarsáide.

Feachtas

Leabhar é Súil Eile (thuas) a thugann cuntas ar ghnéithe den streachail­t a bhí le déanamh ag TG4 agus feachtas fada ar bun le go mbunófaí é. Déantar anailís ann freisin ar an rath atá ar an stáisiún ó shin, rath a aithníodh nuair a bronnadh €2m sa bhreis ar an stáisiún sa Cháinaisné­is an tseachtain seo caite.

Tá go leor féiríní le cur os ár gcomhair ag TG4 féin le linn an Oireachtai­s ach is dócha gurb é an buaicphoin­te ná an chéad léiriú de Mhurdair Mhám Trasna, scannán dráma/faisnéise a chuireann síos ar an dtriail mhíchlúite­ach a cuireadh ar fhear ó Chonamara, Maolra Seoighe, as dúnmharú a tharla i Mám Trasna. Cuireadh ar a thriail as Béarla amháin é agus gan aige ach Gaeilge. Ciontaíodh é agus crochadh é agus a fhios ag go leor go raibh sé neamhchion­tach. Tagann an léiriú seo ó Rosg, an comhlacht a thug An Bronntanas dúinn, bunaithe ar leabhar Sheáin Uí Chuirreáin ar an gconspóid.

Ach más ábhar dúinne atá ‘fásta suas’ atá os comhair an cheamara le Murdair Mhám Trasna, is ar an lucht féachana is léitheoire­achta níos óige atá an tsraith úr Dónall Dána nó Horrid Henry dírithe. Is comhtharlú ádhúil é go bhfuil TG4 tar éis leagan Gaeilge de Horrid Henry a léiriú ag an am céanna go bhfuil an dara sraith de leabhair Dhónaill Dhána á seoladh ag Cló Iar-Chonnacht.

I measc na dteideal sa dara sraith seo, a rinne meitheal craoltóirí is sár-aistritheo­irí RTÉ Raidió na Gaeltachta, Marion Ní Shúilleabh­áin, Gormlaith Ní Thuairisg, Caitlín Ní Chualáin agus Máirín Ní Ghadhra, tá Dónall Dána: Díoltas, Dónall Dána: Mallacht an Mhumaí agus, go hoiriúnach do thráth na Samhna, Dónall Dána i dTeach na dTaibhsí.

Sraith

Ní Dónall Dána amháin atá ag fáil leabhar nua i nGaeilge ach tá leabhar nua faoinár gcara, an ‘Wimpy Kid’ nó an Dúradán, le seoladh ag an Oireachtas freisin. Is iad Futa Fata, comhlacht foilsitheo­ireachta Thaidhg Uí Dhonnagáin, atá ar chúl fhoilsiú ‘Barr ar an Donas’ seo agus is í Máirín Ní Mhárta a rinne an t-aistriúchá­n ar an dtríú leabhar sa tsraith le leagan Gaeilge ar leabhar Jeff Kinney, Diary of A Wimpy Kid — The Last Straw.

Le blianta beaga anuas tá an comhlacht Leabhar Breac tar éis ardmholadh a sha othrú as forbairt a dhéanamh ar sheánra nua a leabhair Ghaeilge, is é sin an t-úrscéal grafach. Beidh dornán úrscéalta grafacha le seoladh ag comhlacht Dharach Uí Scolaí ag an Oireachtas mar chuid de lasta líon mhar leabhair eile ón gcomhlacht céanna. Leagan Gaeilge d’úrscéalta grafacha i bhFraincis is mó a ndíríonn Leabhar Breor ac orthu agus ar na teidil is mó a bheidh i gce ist tá úrscéalta dírithe ar dhéagóirí ó pheann Penelope Bagieu, Corp an Duine Uasail (atá ainmnithe ar ghearrlios­ta Le abhar na Bliana) agus an dara leabhar sa tsraith chéanna, An Leathanach Bán. Ní do ipháistí amháin na leabhair seo nó tá urscéal grafach do dhaoine fásta, I mBun Gnóthaí Arís le Hervé Bourhis, ann freisin. Ós rud é nach fada uainn an Nollaig tá dhá theideal ar leith ar fiú díriú orthu — Duan na Nollag, leagan Gaeilge de A Christmas Carol le Charles Dickens a d’aistrigh Pádraig Ó Duinnín, an Duinníneac­h arbh eagarthóir foclóra é, agus An Nollaig Thuas, leabhar álainn do pháistí le hAoife Ní Dhufaigh.

Gearrliost­a

Is é an t-iriseoir aitheanta ó tuairisc.ie, Maitiú Ó Coimín, a chuir Duan na Nollag in oiriúint do léitheoirí an lae inniu. Tá saothar nua ó Liam Mac Cóil, An Choill, agus leabhar le Diarmuid Johnson, Conaire Mór, leabhar eile atá ar an ngearrlios­ta do Ghradam Uí Shúilleabh­áin le seoladh mar aon le Kíor Thuathail, scéinséir suite in Marseille na Fraince ón údar Francach Jean-Claude Izzo.

Ó Marseille tugaimid ár n-aghaidh siar ó thuaidh go Tóraigh nó Oileán na nDraoithe mar a bhaisteann an sár-údar Conallach, Proinnsias Mac a’ Bhaird, air ina leabhar nua draíochtúi­l a bheidh á sheoladh ag cailín aimsire TG4, Caitlín Nic Aoidh.

Údar óg eile is ea Méabh Ní hEadhra agus beidh a saothar is úire, Faye, á sheoladh ag Mícheál Ó Ruairc. Tá Faye dírithe ar an aoisghrúpa 9-15, aoisghrúpa atá fágtha ar an ngannchuid ó thaobh leabhair Ghaeilge le fada.

Leanann liosta na seoltaí leabhar leis agus beidh mion-eolas le fáil i gclár an Oireachtai­s ach is fiú freisin glaoch isteach go mórsheolad­h chluichí boird Ghlór na nGael.

Go dtí seo tá ardmholadh tuillte ag Glór as leaganacha Gaeilge de Monopoly agus Scrabble a sheoladh — go deimhin tá comórtais oifigiúla maidir leis na cluichí sin ar chlár an Oireachtai­s — ach i mbliana beidh a thuilleadh cluichí á seoladh acu, ina measc, Snap as Gaeilge, Spás-Taisteal agus eile.

Blaiseadh

Cuir leis an liosta seoltaí sin imeachtaí éagsúla eile ar nós Gréasánú Gasta, drámaí, comórtais Monopoly agus Scrabble, seirbhísí eaglasta do chách agus mhórtheach­t na nGael ó gach cearn den domhan agus sin agat blaiseadh de dhraíocht mhór fhéile na nGael, Oireachtas na Samhna, chugainn arís i gceann coicíse.

Chuirfeadh sé tuirse ort ag smaoineamh ar chomh bríomhar is a bheidh sé agus spreagadh ort ag súil le bheith páirteach ann!

 ?? Pictiúr le Seán Ó Mainnín ?? Ráchairt: Tá neart leabhair Ghaeilge ar fáil Dar m’fhocal: An t-údar Patricia Mac Eoin i measc daltaí ó Scoil Éanna i gConamara. Beidh cuid mhór leabhar á seoladh ag Oireachtas na Gaeilge i mbliana
Pictiúr le Seán Ó Mainnín Ráchairt: Tá neart leabhair Ghaeilge ar fáil Dar m’fhocal: An t-údar Patricia Mac Eoin i measc daltaí ó Scoil Éanna i gConamara. Beidh cuid mhór leabhar á seoladh ag Oireachtas na Gaeilge i mbliana
 ??  ??

Newspapers in Irish

Newspapers from Ireland