Irish Independent - Seachtain

Ach cá bhfaighimi­d salann?

-

An tseachtain seo caite d’iarr mé oraibh cúpla gníomhaíoc­ht a dhéanamh maidir le salann. Ceannaímid salann i siopaí agus tagann sé sin ó mhianaigh shalainn nó ó sháile na bhfarraigí. Ach cad a tharlaíonn dó idir sin agus an siopa? In áiteanna áirithe ar domhan, tá a lán cloch shalainn faoi thalamh. Is dócha gur tháinig na clocha salainn seo ó uiscí salainn a thriomaigh fadó, agus a d’fhág an salann ina ndiaidh. Is féidir le mianadóirí mianach a thochailt agus an chloch shalainn a ghearradh amach ó na clocha eile atá in aice léi. Ansin glanann siad an chloch shalainn chun salachar nó aon ábhar eile a bhaint amach agus ní bhíonn fágtha ach salann glan. Meileann siad an choch shalainn ansin go mbíonn sí ina púdar agus is mar sin a cheannaími­d an salann. Tagann leathmhill­iún tona salainn gach bliain ó mhianach salainn Chill Ruaidh in aice le Carraig Fhearghais i gCo. Aontroma. Tá an mianach seo os cionn 300 méadar ar doimhneach­t agus tá tolláin ann níos faide ná 50 km. Tógann na mianadóirí an oiread sin salainn as an mianach sin go n-úsáidimid anseo in Éirinn é agus go gcuireann siad é chuig Sasana, Albain agus S.A.M. Úsáidimid an salann ó mhianach Chill Ruaidh ar bhóithre oighreata sa gheimhread­h sa chaoi go leáfaidh an t-oighear go héasca. Is féidir salann a thógáil freisin ó sháile na farraige. Is bealach coitianta é seo chun salann a fháil i roinnt de na tíortha teo. Líonann siad báisíní móra éadoimhne le sáile agus fágann siad amuigh faoin ngrian iad. Galaíonn an sáile agus fanann an salann sa bháisín. Tógann sé thart ar 100 lá ar an sáile galú. Ní féidir an salann seo a chur ar bhia go dtí go mbaineann siad aon cheimiceán eile amach as agus nach mbíonn fágtha ach salann glan.

 ??  ??
 ??  ??

Newspapers in Irish

Newspapers from Ireland