Cúigí na tíre ag iarraidh cur leis na buanna i mbabhta a dó
Buanna maithe ag Cúigí na hÉireann an tseachtain seo caite agus iad ag iarraidh cur leis na dea-thorthaí sin i mbabhta a dó an deireadh seachtaine seo i gcomórtas rugbaí na hEorpa.
San oíche Dé hAoine, beidh Glaschú sa bhaile in éadan Chúige Laighean.
D’éirigh le Cúige Laighean pointe bónais a chrochadh leo in éadan Montpellier atá ar bharr chomórtas an Top 14 an tseachtain seo caite. Rud a thabharfas spreagadh do na Laighnigh ná go ndearna siad sin gan leithéidí Sheáin O’Brien, Jamie Heaslip, Rob Kearney agus Johnny Sexton a bhfuil gortuithe ag cur as dóibh.
Cailleadh
Chaill Glaschú in éadan Exeter Chiefs 24-15 ina gcéad bhabhta. Seo an chéad chluiche a chaill na hAlbanaigh ó thosaigh an tsraith Pro14 ag tús mhí Mheán Fómhair.
Faoi láthair, suíonn siad ar bharr thábla A ar 28 bpointe agus beidh le feiceáil an mbeidh duine nó dhó de sheanadóirí Laighean ar ais chucu féin don chluiche seo.
D’éirigh le Cúige Mumhan an lámh in uachtar a fháil ar Chastres i naoi gcinn den 12 chluiche roimh an chruinniú eatarthu i bpúl a 4 an tseachtain seo caite ach chríochnaigh siad ar comhscór 17 an taoibh ag an fheadóg dheireanach.
Le linn an chluiche, bhí sé soiléir go raibh easpa doimhneachta ar bhinse na Mumhan ag cur as go mór dóibh. Gan dabht, léireoidh Racing 92 cé chomh gann is atá siad sa rannóg sin nuair a thioc
faidh siad ar cuairt chuig Páirc Thuamhan Dé Sathairn. Bhuaigh an fhoireann Fhrancach ar Leicester Tigers 22-18 ina gcéad chluiche.
Dé Domhnaigh, is in adharca La Rochelle a bheas Cúige Uladh i bpúl a 1. Chríochnaigh na hUltaigh níos láidre ar Wasps 19-9 le La Rochelle ina mbuaiteoirí 34-27 ar Harlequins.
Spreacadh
Seo an chéad uair atá La Rochelle ag feidhmiú sa chomórtas seo. Mhothaigh Les Kiss, cóitseálaí Uladh, “nár imir muid chomh maith sin ach léirigh muid go leor spreactha. Seo púl deacair agus bhí sé rí-thábhachtach bua a thochailt amach, go háirithe agus muid as baile ag an deireadh seachtaine.” Bhí Jacob Stockdale agus Charles Piutau ar fheabhas ach d’fhág Jean Deysel agus John Cooney an pháirc le gortuithe agus beidh le feiceáil an mbeidh siad ar fáil Dé Domhnaigh. Sa tSraith Challenge, bhí Cúige Chonnacht ró-láidir do Oyonnax 43-15 agus feicfear iad sa bhaile in aghaidh Worcester Warriors Dé Sathairn ag a trí a chlog.