Irish Independent - Seachtain

Rath Dé ar iarracht Phádraig

- MÍCHEÁL Ó MUIRCHEART­AIGH

Bhí ráflaí i dtaobh an scéil ar feadh tamaillín, ach go dtí gur dhearbhaig­h Bord CLG Átha Cliath go raibh Pádraig Mac Giolla Rua ainmnithe acu mar bhainisteo­ir ar fhoireann iomána sinsear an chontae, bhí leath-thost ina thaobh ar eagla nach raibh fírinne ag baint leis.

Bhuel, bhí an fhírinne ghlan sa scéal agus gan amhras ar bith sin é an scéal is iontaí maidir le hiomáint in Áth Cliath ó bunaíodh an Cumann sa bhliain 1884.

Anois níos mó ná riamh tá láithreach­a na hiomána sa chontae réidh le céim ollmhór i dtreo foirfeacht­a a thógaint. Leis an todhchaí i raon radhairc an t-am ar fad, is tábhachtaí go mór go n-éireodh le hÁth Cliath craobh Uile-Éireann san iomáint a ghabháil idir seo agus fómhar 2022 ná aon líon sa pheil.

Dar ndóigh bheadh an dá chraobh i dteannta a chéile níos fearr fós!

Tuigeann Mac Giolla Rua an comhthéacs. Is fear ildánach é, tá mianach a athar Jackie ann agus ní ghoillfidh brú na hoibre air beag ná mór. Is geal leis an mball de Chlub Naomh Uinsionn aghaidh a thabhairt ar dhúshláin agus tá an buaic sroiste aige in go leor díobh.

Tháinig sé isteach mar ionadaí ar fhoireann Átha Cliath a ghaibh Craobh na hÉireann sa bhliain 1995, bhí sé ar fhoireann Naomh Uinsionn a ghaibh Craobh Chlub Éireann sa bhliain 2008, bhí sé mar bhainisteo­ir ar fhoireann peile Átha Cliath a ghaibh Craobh na hÉireann sa bhliain 2011.

Nach mór an cnuasach an méid sin in achar gearr de bhlianta!

Anuas air más ea ní miste a rá go bhfuil cáil idirnáisiú­nta ar an bhfathach fir mar cheannaire i gcúrsaí gnó agus tá éileamh dá réir air. Ach is baolach nach mbeidh aon dúshlán in aigne aige anois ach bainistíoc­ht ar fhoireann iomána Átha Cliath.

Ar son an chluiche go náisiúnta tá gádh leis. Níor tháinig Corn Liam Mhic Cárthaigh go dtí Áth Cliath ó 1938 i leith. Foireann neamhghnác­h a dhein an gaisce — BHÍ BLEÁ CLIATHACH MAR BHALL DE, Jim Ó Broin ó Chlub Eoghain Rua.

Bhí aithne agam air mar eisceacht a bhí ann sa mhéid nach raibh aon ‘Bhleá Cliathach’ ar aon cheann des na cúig fhoireann a ghaibh Craobh na hÉireann don gcontae roimhe sin.

Dáiríre ní raibh an iomáint go láidir i measc Áth Cliathach ró-mhinic ach amháin tréan-iarracht a deineadh ins na daichidí agus caogaidí nuair bhí trí Chraobh Mionúr Uile-Éireann mar thoradh air.

Anois, tá tús á chur le Ré Mhic Giolla Rua. Beidh sé ag súil le tacaíocht iomlán ós na himreoirí, beidh dílseacht i gceist mar a bhí le linn ré spridiúil Uí Dhálaigh, gné atá in easnamh le tamall anuas.

Fillfidh an sprid go mear muna bhfuil san tarlaithe cheana féin. Rath Dé ar an iarracht.

 ??  ??

Newspapers in Irish

Newspapers from Ireland