Stoirm litríochta faoi lán seoil ag Imram
Agus Ophelia ag claochlú léi, tá stoirm chultúir fós os cionn na príomhchathrach agus an fhéile litríochta Imram ar siúl ar fud Bhaile Átha Cliath.
Má bhí aimsir na seachtaine seo dochreidte, bhain an scríbhneoir Seiceach Franz Kafka úsáid as a shamhlaíocht le hiontais an tsaoil seo a chur ar ár súile dúinn.
Mar an gcéanna leis an scríbhneoir Daithí Ó Muirí a chuireann síos ar an saol dhomhanda ardteicneolaíochta a bhfuil muid beo ann, scoite ar bhealach ón réadúlacht agus ní nach ionadh go mothaíonn Daithí caidreamh aige le Kafka.
In Scáthanna ó Phrág a bheidh ar siúl anocht sa Powerscourt Townhouse, léifidh an Muiríoch a aistriúcháin féin de bhun-Ghearmáinis shaothar Kafka, beidh tionlacan ceoil le Seán Mac Erlaine agus íomhánna ar scáileán agus scáth-phuipéid le Púca Puppets.
Athbhreithniú
San oíche amárach sa Choláiste Ollscoile, BÁC, tabharfaidh an tOllamh Máirín Nic Eoin léacht ina ndéanfaidh sí athbhreithniú ar shaothar liteartha Mháirtín Uí Chadhain.
Beidh oíche mhór litríochta ar siúl Dé hAoine nuair a sheolfaidh an file Corcaíoch Liam Ó Muirthile a thuairisc ar an turas a rinne sé ar an Camino de Santiago de Compostela agus gan de chompánach aige ach leabhar filíochta Rosalía de Castro.
Léifidh Liam sleachta as a leabhar féin agus léifear dánta Rosalía sa Ghailís.
Is ócáid thábhachtach i gcónaí é nuair a sheolann Biddy Jenkinson leabhar úr.
Gealtachas, gnéas, foréigean agus greann atá in Mis (ní san ócáid!) an leabhar is déanaí ó Biddy agus é bunaithe ar scéal ó na Meánaoiseanna. Tá gach eolas ar fáil ar imram.ie.