An Gnáthleibhéal
Ceapadóireacht - An Scéal
Is rogha deas é an scéal. Is féidir é a scríobh san Aimsir Chaite den chuid is mó. Seo na teidil a bhí ann le cúpla bliain anuas. An dtuigeann tú iad? An bhfuil nótaí réidh agat do na hábhair seo?
2017:
Mo bhreithlá a bhí ann. D’oscail mé an cárta ó mo thuismitheoirí. Léim mo chroí le háthas … Bhí mé taobh amuigh d’oifig an Phríomhoide. Bhuail mé cnag ar an doras. “Tar isteach,” a dúirt sé ...
2016:
Bhí mé féin agus mo chara amuigh i mbád beag ar an bhfarraige. Thosaigh stoirm mhór. Bhí eagla an domhain orainn … D’fhág an traein an stáisiún. Bhí mo chara in éineacht liom. Bhíomar ag súil go mór leis an lá …
2015:
D’fhéach mé ar m’fhón póca. Léigh mé an téacs ó mo chara. Níor chreid mé mo shúile … Bhí mé ag tiomáint síos an bóthar. Stop na gardaí mé. Bhí mé i dtrioblóid ...
2014:
Bhí mé féin agus mo chara ag siúl sna sléibhte. Go tobann, thit ceo trom timpeall orainn. Bhíomar i dtrioblóid … Bhí mé amuigh ag rith. Bhuail mé le mo chara. Bhí fearg an domhain air / uirthi … Seo roinnt frásaí a chabhróidh leat le struchtúr an scéil a scríobh:
3. Cén fáth a bhfuil an t-eolas seo tábhachtach? Athraíonn na hainmfhocail fhirinscneacha agus bhaininscneacha tar éis an fhocail ‘an’. Glaoitear ‘an t-alt’ ar an bhfocal ‘an’ sa Ghaeilge. Sa Fhraincis agus sa Spáinnis, taispeánann na focail ‘le / la’ agus ‘el / la’ an bhfuil an t-ainmfhocal firinscneach nó baininscneach sa Tuiseal Ainmneach uatha. Sa Ghaeilge, úsáideann muid an t-alt ‘an’ roimh ainmfhocail fhirinscneacha agus ainmfhocail bhaininscneacha.
Tuiseal Ainmneach Uatha – an + ainmfhocal
Más ainmfhocal fir. é a thosaíonn le consan, ní athraíonn tús an ainmfhocail. Más ainmfhocal bain. é a thosaíonn le consan, séimhítear túschonsan an ainmfhocail. Más ainmfhocal fir. é a thosaíonn le guta, cuirtear ‘t-’ roimhe. (fleiscín an t-ainm atá ar ‘ - ‘) Más ainmfhocal bain. é a thosaíonn le guta, ní athraíonn tús an ainmfhocail. Más ainmfhocal fir. é a thosaíonn le ‘S’, ní athraíonn tús an ainmfhocail. Más ainmfhocal bain. é a thosaíonn le ‘S’, cuirtear ‘t’ roimhe. (Níl aon fhleiscín sa cheann seo!) Más ainmfhocal fir. é a thosaíonn le ‘D / T’, ní athraíonn tús an ainmfhocail. Más ainmfhocal bain. é a thosaíonn le ‘D / T’, ní athraíonn tús an ainmfhocail.
Foghlaim an leagan amach seo!