Irish Independent - Seachtain

Slán le Ophelia ach tá a cairde ar a mbealach

-

Is breá linn an aimsir sa tír seo, nó ar cheart dom a rá gur breá linn a bheith ag caint ar an aimsir? Is fíor a rá go bhfuil na stoirmeach­a ag teacht go luath i mbliana agus tá súil againn go léir ná leanfaidh siad ar aghaidh sa tslí seo.

Nuair a tháinig Spéirling Ophelia is iontach na píosaí seoigh a bhí le fáil ar na meáin shóisialta, ach is fíor a rá chomh maith nuair a tháinig an scéal amach go raibh an chéad duine caillte gur stop an gáirí agus an magadh.

Triúr ar fad a cailleadh le linn na stoirme sin agus go dtí go dtarlaíonn sé seo is cúis iontais seachas cúis bhróin a bhíonn ann dúinn.

Níl aon dabht ach go raibh lucht na haimsire gan chodladh an tseachtain seo caite agus iad ar fad i mbun dualgais ar na hardáin éagsúla ag cur an pobal ar an eolas.

Bhí Gerry Murphy linne gach lá agus chomh luath is a bhí Ophelia imithe bhí caint ar an stoirm Brian — sin a bhí sna páipéir pé scéal é agus ní raibh Gerry sásta leis seo.

Sé a dúirt sé agus ní raibh fhios agam é seo roimhe seo, ach níl cead ach ag oifig Mhet Éireann nó a mhacasamha­il sa Bhreatain stoirm a ainmniú! Agus ag an bpointe sin ní raibh sé seo déanta.

Níl a fhios agam cá bhfuair na meáin an t-eolas seo.

Bhuel, dhá lá ina dhiaidh sin tháinig scéal ó Mhet Éireann go raibh an stoirm Brian ag teacht don deireadh seachtaine agus toisc go dtáinig sé uathu sin bhí an stoirm Brian go hoifigiúil ar an tslí! Toisc go raibh Ophelia chomh láidir sin ní raibh i mBrian ach leaidín óg i gcomparáid léi. An méid sin ráite tháinig níos mó báistí chugainne leis an leaidín óg seo.

Ceann dos na ceisteanna móra a bhí á phlé ná an ndeineamar an rud ceart na scoileanna a dhúnadh feadh dhá lá? Leis na foláirimh ar fad a tugadh amach níl aon dabht ach go raibh an ceart ar fad acu. Ní dheas liom a shamhlú an mó duine a bheadh ar an liosta triúir sin muna mbeadh seo déanta.

Bíonn muid ana-thapaidh iad siúd atá in oifig phoiblí a cháineadh agus is ceart moladh a thabhairt nuair a bhíonn sé tuillte — agus tá ardmholadh ag dul dóibh an uair seo.

Sea, tús le stoirmeach­a an gheimhridh agus tá súil agam gur i gcupáin tae a bheidh an chuid eile acu!

 ??  ?? Fíochmhar: Ophelia ag teacht i dtír ag an Leithinse i gContae an Chláir
Fíochmhar: Ophelia ag teacht i dtír ag an Leithinse i gContae an Chláir

Newspapers in Irish

Newspapers from Ireland