Buille mór do chluichí na mban in Éirinn
Baineadh cur-iarracht nua amach ag cluichí ceannais ban na hÉireann mí ó shin nuair a d’fhreastail os cionn daichead is a sé míle duine ar na cluichí i bPáirc an Chrócaigh.
Lá bródúil stairiúil a bhí ann agus muid mar mhná lán le dóchas faoi thodhchaí spórt na mban agus ar an treoir ina raibh sé ag dul.
Anois téigh ar aghaidh cúpla seachtain agus meabhrú beag leagtha síos faoin bhóthar fhada atá fós le siúl ag mná sa spórt. “Cic sna fiacla,” a scríobh imreoir ban rugbaí Jenny Murphy agus í i mbun tvuíteála nuair a fógraíodh nach mbeidh cóitseálaí rugbaí lánaimseartha de dhíth níos mó ón IRFU.
In olcas
D’éirigh Tom Tierney as an phost tar éis an drochthaispeántais a bhí ag Éirinn i gCraobh Rugbaí an Domhain in Éirinn i mí Lúnasa.
Ina dhiaidh sin, is in olcas atá an fhoireann tar éis dul ar liosta fiúntas an domhain agus iad ag uimhir a naoi, taobh thair den Iodáil agus díreach chun tosaigh ar an Spáinn.
Déan comparáid idir sin agus trí bliana ó shin nuair a chríochnaigh siad sa cheathrú háit sa chomórtas chéanna agus bhuaigh siad a ndara comórtas Sé Náisiún i dtrí bliana. Athrú millteanach.
De réir comhfhreagras ón IRFU ní raibh an oiread sin spéise sa phost agus fógraíodh é mar jab páirtaimseartha chun cóitseálaithe a mhealladh le fanacht leis go dtí tar éis na Sé Náisiún in 2018. Le cúpla lá anuas, rinneadh soiléiriú air seo, leis an IRFU ag gabháil leithscéil as aon imní a chruthaigh siad.
Chomh maith leis sin, dúradh sa ráiteas nach raibh Tierney le foireann na mban amháin ach é i bhfeighil chluichí na mban seachtar an taobh fosta. Is i mbun athbhreithniú iomlán ar an turnaimint atá siad faoi láthair ach ní fhoilseofar na torthaí.
Go gearrthéarmach níl aon chluichí idirnáisiúnta ag Éirinn i mí na Samhna, agus is é comórtas na Sé Náisiún an chéad uair eile a bheidh an fhoireann ag dul amach chun páirce — ar an 3 Feabhra i gcoinne na Fraince in Toulouse.
Caithfear infheistíocht cheart a dhéanamh sa chluiche ar an talamh. Ní chuideoidh sé le haon fhoireann cailleadh 105-0 mar a tharla do Thulach Mhór in éadan Railway Union ar na mallaibh.
Cáineadh go géar an cinneadh a rinne rugbaí Shasana fáil réidh leis na conarthaí lán-aimseartha a bhí ag a n-imreoirí le linn an choirn dhomhanda tar éis an chomórtais ach cuirfear an t-airgead sin ar ais sa chlub chun é a neartú.
Níl aon chaint ann ón IRFU sin a dhéanamh in Éirinn ach tá fís fhadtéarmach ag teastáil chun an cluiche 15s a choinneáil beo agus a neartú. An bhfuil an toil agus spéis ann?
Infh eistíoch t