Misneach úr san fhilíocht
Tráthnóna Dé Sathairn is mé istigh i dtigh óil... tagann an líne sin ó amhrán — Na Táilliúirí — a chum an fear a chum An Poc Ar Buile, Dómhnall Ó Mulláin, duine de bhaill Dhámhscoil Mhúscraí Uí Fhloinn, an chúirt filíochta is faide bunaithe in Éirinn.
Agus seo mé istigh i dtigh óil, an Muileann i mBaile Mhúirne, chun agallamh a chur ar dhuine d’fhilí óga ár linne, Séamus Barra Ó Súilleabháin, file a tháinig go Múscraí don deireadh seachtaine chun freastal ar an nDámhscoil atá á reáchtáil anois ó bhí 1925 ann.
Roimhe sin, sa seachtú haois déag, bhíodh cúirt filíochta sa cheantar ag tigh Mhuintir Iarfhlaithe, cúirt ar ar thug an file iomráiteach Eoin Rua Ó Suilleabháin cuairt de réir an tseanchais.
Thug file iomráiteach eile, a saolaíodh níos lú ná 100 slat ón Muileann, cuairt amháin ar Dhámhscoil Mhúscraí. Deirtear gur mar gheall ar bhean a chonaic sé ag aithris dáin ag an nDámhscoil úd a chum Seán Ó Riordáin an líne chonspóideach: Ní file ach filíocht an bhean.
Níor mhaolaigh an líne sin ar an dteannas fadbhunaithe idir é féin agus duine de mhórfhilí na Gaeilge, Máire Mhac a’ tSaoi, ach a mhalairt.
Ceisteanna
Ach, ar an drochuair, de bharr na Stoirme Brian agus línte cumhachta bheith thíos agus gaoithe láidre ag bagairt crainn a leagadh ar dhaoine a bheadh ag taisteal chun na hócáide, bhí ar lucht riartha na Dámhscoile an ócáid a chur ar athlá go ceann cúpla seachtain.
Cé go bhfuil díomá ar Shéamus Barra gan a bheith ábalta freastal ar an ócáid mar a bhí sé ag súil, ní fada an bheirt againn ag cur agus ag cúiteamh ar cheisteanna teanga — idir fhilíocht agus ghníomhaíocht.
“Ní bheinn in Éirinn gan an Ghaolainn,” a dúirt Seamus Barra ag tús an agallaimh. “Bheinn imithe go Londain nó Meiriceá nó Vancouver ag lorg oibre.”
Thosnaigh caidreamh Shéamuis leis an nGaeilge i Lios Tuathail, an áit ar tógadh é.
D’fhreastail sé ar an nGaelscoil ansin agus ar an Scoil Chuimsitheach i dTairbeart ina dhiaidh sin. Rinne sé bunchéim sa Ghaeilge in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh, shaothraigh sé Máistreacht in Ollscoil Chorcaí, chuaigh go SAM ar Scoláireacht Fulbright agus anois tá sé ar ais i mbun staidéir in Éirinn agus é ag tabhairt faoi dhochtúireacht mar gheall ar an dtaighde atá á dhéanamh aige ar sheanchas Mhichíl Uí Ghuithín, mac Pheig Sayers agus an té a bhreac síos an leabhar ó bhéal a mháthar, leabhar a bhí ina chéasadh agus ina shólás ag mic léinn ardteiste ar feadh na mblianta fada.
“Is minic é ráite liom,” a dúirt sé, “go mbeinn níos fearr as gan bacaint leis an nGaeilge agus ‘post’ a fháil.”
Ach tá Séamus tiomnaithe don teanga. Tá clú agus cáil bainte amach aige as líofacht is ceol a chuid filíochta agus shaothraigh a chéad bhailiúchán,
Beatha Dhónaill Dhuibh, ardmholadh nuair a foilsíodh anuraidhé.
Pléann a chuid filíochta le go leor téamaí — drugaí, cosar bolg ar na bochtáin, an teangabheo, a óige, maistíneacht is go leor eile. I ndán a chuir sé i láthair ag Slam Filíochta a reáchtáladh le linn fhéile Liú Lúnasa i mBéal Feirste, rinne sé caoineadh ar ghuthán a chaill sé ar Bhóthar na bhFál.
Véarsaí
“An oiread is go raibh filí san am atá caite ag plé le téam maí a bhain lena linn féin — cúrsaí oibre, an portach, an fharraige is go leoreile, baineann mo chuid véarsaí lemo linn is na ceisteanna atá ag dó na geirbe ag mo ghlúin.”
Ismónáfileé Séamus, áfach, agus is é an obair cheannródaíoch a dhéanann sé le ceoltóirí éagsúla, iadsan ag cur ceol leis an ‘rap’ file eata Gaeilge a
chumann sé, atá ag mealladh na sluaite chuige ag ócáidí éagsúla — Liú Lúnasa, an Picnic Leictreach agus Féile na Gealaí mar shampla. Ba é an ghig ba mhó a bhí aige go dtí seo, b’fhéidir, ná oíche cheiliúrtha TG4 nuair a bhí an craoltóir 20 bliain d’aois anuraidh.
Bhí maithe agus móruaisle na tíre, Uachtarán na hÉireann, Mícheál D Ó hUigínn ina measc, i láthair ag an ócáid agus is fíor a rá go raibh siad faoi dhraíocht ag paisean an fhile óig seo.
“Nuair a bhíos ar an ardán sin, mhothaíos cosúil le cime i bpríosún, mé timpeallaithe ag gach taobh ag scáileáin éagsúla.”
Is é an tosaíocht is mó i saol Shéamuis faoi láthair ná an grúpa gníomhaíochta Gaeilge Misneach a bhfuil sé chun tosaigh ann in éineacht le baicle gníomhaithe óga teanga eile. Tá faobhar radacach ag baint le Misneach ach tá siad iontach praiticiúil chomh maith.
“Chuireamar romhainn nuair a bhunaíomar Misneach arís go ndíreoimis ar ‘shaol sóisialta’ i nGaeilge a bhaint amach — agus as sin a tháinig leithéidí Liú Lúnasa agus Fhéile na Gealaí is ócáidí eile.
“Ní hé gur Misneach a d’eagraigh na hócáidí seo ach is iad baill Misneach a bhí chun tosaigh ann agus is é fealsúnacht oscailte rannpháirteach is dhaonlathach na gluaiseachta a bhí á dtiomáint.”
Foilsíonn Misneach an iris Mionlach, atá tar éis fás nuachtbhileog agus atá anois ina iris ildaite le hailt dhúshlánacha ó lucht Misneach i ngach cuid den tír. Tá aisling ag Séamus iris eile bhliantúil a fhoilsiú amach anseo chun ardán ceart a thabhairt don ‘imeall-chultúr’ atá ag croí mhisean Misneach.
Le déanaí bhí meitheal bhliantúil Misneach ar Inis Oírr agus beartaíodh go ndíreodh an ghluaiseacht ar thacú leis an nGaeltacht sna blianta beaga atá romhainn.
Is cinnte nach rachadh paisean, fuinneamh agus ceannródaíocht Misneach amú sa Ghaeltacht agus pobail Ghaeltachta ar fud na tíre ag tabhairt faoi dhúshláin ollmhóra i réimse na pleanála teanga.
Ró-ghairid atá muid ag caint agus tá orainn brostú go traein Shéamuis ar ais go Luimneach. Tá fuadar faoin bhfile is an gníomhaí óg seo agus go leor le déanamh aige! Ar aghaidh leis!
}Ní bheinn in Éirinn gan an Ghaolainn. Bheinn imithe go Londain nó Meiriceá ag lorg oibre~