Irish Independent - Seachtain

NUACHT TINDER NA GAEILGE? SEO LINN AN AIP NUA LOINNIR

- Le Naoise Ó Caireallái­n

Is cinnte gur chuala tú faoin aip Tinder, anois fág an bealach don aip is déanaí ‘Loinnir’.

Níl gá le dul chuig an chéilí mhór ná an dioscó áitiúil le bualadh le do ghrá Gael anois nó fiú amháin bualadh le cara nua, anois is féidir é nó í a aimsiú ó chompord do thoilg as Gaeilge.

Chruthaigh beirt mhac léinn óg ón Choláiste Ollscoile, BÁC an aip seo i mbliana — Edmond Ó Floinn agus a chara Dónall Ó Catháin — agus iad ag glacadh páirte i Hackathon na Gaeilge a eagraíodh in UCD. Dúirt siad gurbh é an phríomhspr­ioc a bhí acu don aip ná a ‘’bheith mar an chéad aip shóisialta riamh don Ghaeilge.”

An dóigh a n-oibríonn an aip ná go n-íoslódálan­n tú an aip ansin cláraíonn tú le Loinnir agus úsáideann an aip córas GPS an fhóin. Aimsíonn Loinnir cainteoirí Gaeilge eile atá cláraithe le Loinnir agus atá gar duit.

Is féidir fosta an rogha ‘rúiléid’ a úsáid le teacht ar dhaoine atá níos faide i gcéin nó páirt a ghlacadh sa seomra cainte agus a bheith ag caint le grúpa daoine.

“Is gréasán sóisialta Gaeilge é Loinnir agus tá súil againn cainteoirí Gaeilge a tharraingt le chéile. Tá sé bunaithe go príomha ar an áit a bhfuil tú agus is féidir leat labhairt le daoine eile atá i do cheantar féin,’’ a dúirt Edmond.

Tá léirmheas 4.9 as 5 tugtha don aip ar líne agus tá suas le 500 duine i ndiaidh an aip a íoslódáil anois agus tá súil acu go mbeidh sin ag méadú.

Dúirt Dónall: “Bhí muid ag iarraidh slí éigin a aimsiú chun léiriú go bhfuil Gael i ngach cathair agus ceantar ach nach bhfuil líonra nó gréasán ann chun bualadh le chéile, anois tá an Loinnir ann chun an tseirbhís a chur ar fáil agus Gael a nascadh ó gach cearn den domhan.” Tá an aip ar fáil saor in aisce ó Google Play do ghutháin Android. Tá sé i gceist acu an aip a fhorbairt a thuilleadh amach anseo agus tá siad ag súil go mbeidh sí ar fáil ón Apple Store go luath ach go bhfuil neart códála le déanamh acu sula mbaineann siad sin amach. Is féidir tuilleadh eolais a fháil ó leathanach Facebook ‘Loinnir’ nó ón suíomh idirlín http://www. loinnir.ie.

 ??  ??
 ??  ?? Togra úrnua: Edmond Ó Floinn, ar chlé, agus Dónall Ó Catháin a chruthaigh an aip nua a bhfuil 500 leantóir aici cheana féin
Togra úrnua: Edmond Ó Floinn, ar chlé, agus Dónall Ó Catháin a chruthaigh an aip nua a bhfuil 500 leantóir aici cheana féin
 ??  ??
 ??  ??

Newspapers in Irish

Newspapers from Ireland