Easpa airgid ag cur bac ar na pleananna teanga
Tá dóchas an Rialtais go dtabharfaí pleananna teanga isteach ar fud na Gaeltachta i sáinn — de bharr easpa airgid.
D’fhógair Údarás na Gaeltachta agus Roinn na Gaeltachta an mhí seo caite go raibh trí phlean le maoiniú — péire i nDún na nGall agus ceann amháin i nGaillimh.
Ach dhiúltaigh na grúpaí a bhí ag plé le péire díobh do €100,000 chun tús a chur lena bpleananna, agus dúirt siad nach dtosóidís go bhfaighidís dhá oiread an mhéid sin agus níos mó fiú.
Ba iad Cloch Cheann Fhaola i dtuais- ceart Dhún na nGall an t-aon ghrúpa a ghlac leis an maoiniú.
Ach tá Gaoth Dobhair agus trí pharóiste eile sa chontae ag éileamh níos mó airgid sula dtosaíonn siad ag earcú oifigeach pleanála teanga.
Easaontas
Agus easaontas go hinmheánach faoin gcaoi ar cheart an t-airgead a chaitheamh, ceaptar go dteastaíonn ó na ceithre pharóiste go mbeadh oifigeach teanga ag gach aon cheann díobh. Agus teastaíonn ó Chois Fharraige i nGaillimh triúr a earcú ar chostas €250,000.
Thug an tÚdarás le fios nach raibh sa €100,000 do gach Limistéar Pleanála Teanga ach tús an mhaoinithe — agus go mbeadh tuilleadh airgid ar fáil — ach tugadh an chluas bhodhar dóibh go dtí seo.
Tá na pleananna teanga ina gcuid den reachtaíocht anois agus caithfear iad a chur i bhfeidhm; a fhágann go mbeidh ar an Aire Joe McHugh €2 mhilliún eile ar a laghad a aimsiú chun na grúpaí teanga feargacha a cheansú.
Dúirt an teangeolaí Dr Dónal Ó Baoill gur cheart €250,000 ar laghad a chur ar fáil do gach plean. n Beidh feachtas úr teanga á sheoladh ag an Rialtas inniu — Bliain na Gaeilge 2018. Beidh an tAire Joe McHugh ag fógairt na scéime ag an Oireachtas.