Irish Independent - Seachtain

Oireachtas ar bith ach bhí an-Oíche Shamhna againn...

-

Dubh dorcha ag a cúig anois atá sé na tráthnónta seo. Nuair a théann na cloig siar an t-am seo bliana agus nuair a bhíonn tú ag obair taobh istigh, ní mórán den lá a bhíonn agat. Dá bhrí seo ní mórán den vitimín D a bhíonn á fháil againn.

Ní thógas puinn airde air seo go dtí an bhliain seo caite nuair a bhí dochtúir ar an seó againn. Thosnaíos á thógaint agus taobh istigh de mhí bhí ag braistint níos anamúla agus níos mó fuinnimh agam dá bharr.

Pé scéal é d’éinne atá ag tabhairt fé Chill Airne, is é an vitimín C a bheidh uathu!

Seo an triú bliain as a chéile go mbeidh an tOireachta­s á chailliúin­t agam. Ní dóigh liom gur chaill m’athair trí cinn riamh ina shaol!

I láthair na huaire cuireann sé isteach orm ach chomh luath is a bheidh scéalta ag teacht thar na meáin agus na comórtais á gcraoladh sé is mó a chuirfidh sé isteach orm. Tarlaíonn sé seo gach aon bhliain dom nuair ná bíonn sé ar mo chumas dul ann.

Níl faic ach obair idir mé agus ard-deireadh seachtaine. Ní rabhas ag cuimhneamh i gceart ag an am!

Cé go mbím traochta, bog, brúite tar éis deireadh seachtaine mar seo sé an t-anam a théann i bhfeabhas. Turas ar an dtobar, níl faic ar nós é.

Cairde nár chnoc le fada agus fuílleach áiteanna chun do rogha ruda a dhéanamh! Ní féile ar nós í. Nílim ach do mo chéasadh fhéin anseo ag caint ar Chill Airne agus gach a bhaineann léi.

Sea, bhí Oíche Shamhna againn aréir agus bhí cad é craic againn. Seo an chéad bhliain go raibh Mícheál Óg in ann dul amach le buachaillí agus cailíní an bhaile.

Bhí sé gléasta mar ridire. Bhain sé ana-shásamh as a bheith amuigh leis na leanaí eile. Bhíos ag rá léi fhéin ‘má bhí Oíche Shamhna go maith, beidh an Nollaig ar fheabhas ar fad!’

Tá nósanna Mheiriceá go láidir anseo anois. Is féile ollmhór í Oíche Shamhna. Ait go maith go dtosnaigh an rud ar fad anseo na blianta siar agus gur tugadh go Meiriceá í agus anois ar ais sa bhaile!

Bhí tithe an bhaile maisithe mar a bhíonn don Nollaig, níl ann ach oíche amháin leis an tSamhain agus an chéad rud eile dírítear gach rud ar an Nollaig. Tá sé tosnaithe le cúpla seachtain chun an fhírinne a rá leis na fógraí teilifíse. Beimid bodhraithe ag an Nollaig as seo go deireadh na bliana.

Mar sin go Cill Airne liom — ó sea táim ag obair! Má thánn tú ag tabhairt fé bain súp as!

 ??  ?? Spraoi: An comórtas damhsa ar an sean-nós ag an Oireachtas
Spraoi: An comórtas damhsa ar an sean-nós ag an Oireachtas
 ??  ?? Taibhsiúil: Paráid Macnas i nGaillimh an tseachtain seo
Taibhsiúil: Paráid Macnas i nGaillimh an tseachtain seo
 ??  ??

Newspapers in Irish

Newspapers from Ireland