Féile dhomhanda na nGael
Oireachtas 2017 ar fáil cibé áit a bhfuil tú
Má bhí léiriú uait go bhfuil Oireachtas na Gaeilge anois ina fhéile dhomhanda, ní gá ach cluas le héisteacht a thabhairt don mhéid seo ó bhéal an fhir a ceapadh ina Uachtarán ar mhórfhéile na Gaeilge i mbliana.
“Ag an am seo anuraidh bhí m’iníon thall i Stáit Aontaithe Mheiriceá ach bhí sí ábalta imeachtaí an Oireachtais a leanúint le cabhair an idirlín is na teicneolaíochta nua,” dúirt Seán Ó Muimhneacháin, Múscraíoch atá ag freastal ar an bhféile ó bhí sé ina mhac léinn múinteoireachta i gColáiste Phádraig i nDroim Conrach in 1962.
Beidh na Gaeil ó Los Angeles go Hong Cong, ó Dubai go dtí Buenos Aires agus ó Bheirlín go Cape Town ag súil arís leis an bhféasta cultúrtha seo a fheiscint ina seomraí suí féin nó i mbliana beidh níos mó arís d’imeachtaí an Oireachtais á dtuairisciú beo ag na meáin Ghaeilge.
Beidh sé cosúil is go raibh seomra acu in Óstán Ghleann an Iolair ar bhruach Loch Léin don deireadh seachtaine is Gaelaí sa bhliain.
San iarnóin inniu a osclófar an fhéile go hoifigiúil agus craolfar an searmanas oscailte ar RTÉ RnaG agus ar Facebook TG4. Níos déanaí an tráthnóna sin — agus gach tráthnóna le linn na féile — beidh Nuacht TG4 ag teacht chugainn beo ó Chill Airne. Beifear ábalta teacht ar na craoltaí seo ar leithéidí www.tg4.ie agus www.rte.ie/rnag.
YouTube
Beidh Cainéal YouTube TG4 thar a bheith gnóthach le linn na féile agus cuirfear tús leis an ngleo ansiúd le craoladh beo tráthnóna Dé Céadaoin ón gcairpéad dearg ag Gradaim Chumarsáide an Oireachtais a bheidh ar bun mar chuid den phríomhfhéile den chéad uair.
Cé go bhfuil sé ina rún daingean cé a bhainfidh na gradaim ar leith i réimsí na teilifíse, an raidió, na hiriseoireachta is na haisteoireachta — gan trácht ar Réalta Óg na Gaeilge — tá sé fógartha cheana féin ag an Oireachtas go mbeidh an Buaic-Ghradam Cumarsáide á bhronnadh ar Shéamus Mac Géidigh, an craoltóir spóirt le RTÉ RnaG a chuir beocht ar leith sa tráchtaireacht ar chluichí CLG ó Thír Chonaill i gcaitheamh na mblianta a chaith sé leis an raidió go dtí gur cailleadh go tobann é anuraidh. “Ní raibh sárú ar Shéamus Mac Géidigh mar chraoltóir ná mar iriseoir,” arsa Liam Ó Maolaodha, Stiúrthóir an Oireachtais. “Bhí sé cumasach i mbun a cheirde, eiticiúil ina chur chuige agus cineálta, macánta, fearúil mar dhuine. “B’onóir a bheith ag obair leis ar Oireachtais éagsúla thar na mblianta.” Is í Dolores Bean Mhic Géidigh a ghlacfaidh leis an mBuaic-Ghradam
ar son a fir céile ag an mórócáid anocht.
Amárach agus na a comórtais faoi lánseol, beeidh Cainéal YouTube TG4 ag craoladh ó na comórtais agallamh beirte is sceitse. An oíche sin beidh Comórt tas Sean-Nós na bhFear ar YouTube TG4 agus RTÉ RnaG.
Dé hAoine, beidh Sean-Nós na mBan á chraola adh beo freisin ar YouTube TG4 agus RTÉ RnaG, agus Dé Sathairn, craolfar Corn Uí Riada — buaic-chomórtas an Oireachtais — mar a bheidh dian-iomaíocht do on chorn atá ainmnithe in ómós an chumadóra Seán Ó Riada.
Tá TG4 ag beartú cur go sunoladh tasach leis an gcraoa bheidh á dhéanamh ag anstáisiún agus clár beo nua bearta aithe a dhíreis oidh ar na comórtaido dhaoine óga sna hagallaim bheirte, na lúibíní, scéalaíocht is eile. Beidh an clár ar leith seo, Lár Stáitse, á
chraoladh ag a 8in Dé hAoine. Tá sé tugtha faoi deara le blianta beaga anuas gur ardaigh próifíl an damhsa ar an sean-nós mar gheall ar an gcraoladh beo ar na babhtaí ceannais ar an clár Steip, a chraoltar ar an Satharn. Is iarracht é ‘Lár Stáitse’ ag an Oireachtas agus ag TG4 an t-ardú próifíle céanna sin a thabhairt do na healaíona traidisiúnta teanga bunaithe ar nós na n-agallamh beirte is na lúibíní.
Comórtais
Is sna comórtais sin, mar aon le Comórtas na Sceitsí is na nAmhrán Nua-Chumtha, a shaothraigh Seán Ó Muimhneacháin go rathúil ós na 90idí ar aghaidh. Is iomaí teideal is corn a chroch sé leis abhaile go Múscraí, é féin agus a leathbhádóir Seosamh Ó Criodáin is a gcomhghleacaithe in Aisteoirí Chill na Martra.
Agus é anois ina Uachtarán ní bheidh cead aige cur isteach ar aon chomórtas — ach is cinnte go mbeidh sé ag baint súp agus pléisiúr as na comórtais ina mbíodh sé i measc na mbuaiteoirí go rí-mhinic.
Anuas ar na dualgaisí ana-thaitneamhach a bheidh le comhlíonadh ag Seán, is é an rud is mó atá sé ag súil leis ná teacht le chéile na nGael ag an bhféile seo.
“Táim ag súil go mór le bualadh le seanchairde nó cairde nua a dhéanamh – is é sin draíocht an Oireachtais,” arsa Seán.
Is iomaí deis a bheidh ag na Gaeil casadh ar chairde idir nua agus sean ag an bhféile i mbliana. Tá ócáidí de gach sórt ar an gclár cuimsitheach imeachtaí (atá ar fáil mar aip freisin) — idir chuairteanna, fhilíocht agus chomórtais Scrabble is Monopoly as Gaeilge, idir dhrámaí is díospóireachtaí, idir sheirbhísí machnaimh (ag Cumann Gaelach na hEaglaise) agus searmanais bronnta is seoltaí den uile chineál.
Agus murar féidir leat a bheith i lár an aonaigh le linn na féile, bí ann ar líne ar a laghad!