Irish Independent - Seachtain

Críoch dhrámata

- GRÁINNE McELWAIN

Cuireadh críoch le Sraith Airtricity an deireadh seachtaine seo caite leis na seaimpíní Cathair Chorcaí ag cur snas ar an cheiliúrad­h le bua 1-0 ar Fhánaithe Bhré, an chéad uair a bhuaigh siad cluiche ón 21 Lúnasa.

Cé nach raibh an tríú trian den séasúr chomh maith sin acu, bhuaigh siad a gcéad 21 chluiche agus ní hionadh é nuair a chaill siad an tosaí Seán Maguire go Preston gur fhulaing siad dá bharr.

Tríú bliain

Seo an chéad uair le 12 bhliain ar bronnadh an corn orthu agus tá seans acu ceann eile a chur leis Dé Domhnaigh nuair a chasfaidh siad le Dún Dealgan den tríú bliain as a chéile i gcluiche ceannais Chorn an FAI i Staid Aviva.

D’éirigh le Dún Dealgan an dá chorn a bhaint in 2015, le cúl deireanach ó Sheán Maguire do Chathair Chorcaí ag cur stop le sodar Dhún Dhealgan an t-éacht céanna a dhéanamh anuraidh.

Mar sin, cearta maíte do cibé foireann a thiocfas amach chun tosaigh Dé Domhnaigh.

Fágadh poill mhóra i bhfoireann Dhún Dhealgan le himeacht Daryl Horgan agus Andy Boyle go Preston agus le roinnt gortuithe ag cur as dóibh ag tús an tséasúir go háirithe, ní raibh siad chomh hiomaíoch agus a bheidís ag súil.

I gcodarsnac­ht le Corcaigh, chríochnai­gh siad láidir le bua 4-3 i gcoinne Gaillimh Aontaithe an tseachtain seo caite, ag tabhairt spreagadh dóibh ach an toradh ag dícháiliú Gaillimh Aontaithe.

Buntáiste mór ná go bhfuil Patrick McEleney ar ais ó ghortú tar éis an-tionchar a imirt in éadán na Gaillimhe sa chluiche dheireanac­h aige.

 ??  ?? In aghaidh a chéile: Cathair Chorcaí ag ceiliúradh na sraithe agus, ar dheis, David McMillen ó Dhún Dealgan CLUICHE CEANNAIS CHORN AN FAI Cathair Chorcaí v Dhún Dealgan Staid Aviva, Dé Domhnaigh @15.30 Beo ar RTÉ2
In aghaidh a chéile: Cathair Chorcaí ag ceiliúradh na sraithe agus, ar dheis, David McMillen ó Dhún Dealgan CLUICHE CEANNAIS CHORN AN FAI Cathair Chorcaí v Dhún Dealgan Staid Aviva, Dé Domhnaigh @15.30 Beo ar RTÉ2

Newspapers in Irish

Newspapers from Ireland