Irish Independent - Seachtain

Am ceart don chluiche 80 neomat

- MÍCHEÁL Ó MUIRCHEART­AIGH

Cuireadh tús le comórtaisí idirchonta­e agus Uile-Éireann i bpeil agus san iomáint sa bhliain 1887. Go bhfios dom cluichí thar sheasca neomat a bhí ins na comórtaisí cúige agus Uile-Éireann ón dtús.

Tháinig athrú ar chóras an ama tar éis Chomhdháil Náisiúnta CLG na bliana 1970. Glacadh le rún a mhol go n-imreofaí cluichí dos na foirne sinsear thar thréimhse ochtó neomat ar bhonn trialach i rith na gcúig mbliana go dtí 1974.

Fearadh fáilte roimhe mar b’eol do dhaoine go raibh cluichí sacair thar 90 neomat i réim agus 80 neomat i dtraidisiú­n an rugair ag an am. Ar bhealach ‘bónas’ do lucht leanta CLG a bhí sa síneadh agus ní hionadh é nach raibh mórán ag clamhsán.

Cluichí thar 80 neomat a bhí ann mar sin i gcás na sinsear go dtí go raibh deireadh le Craobhacha Uile-Éireann 1974.

Ach i dtraidisiú­n shean-nós na tíre mhol ‘Páirc an Chrócaigh’ an bónas a roinnt 50/50 agus is mar sin a cuireadh tús le ré na gcluichí thar 70 neomat agus táid ‘lán de bheatha’ go dtí an lá inniu.

Más ea, is dóigh liomsa go mbeadh fáilte arís don bhfaid ama a shíneadh go dtí 80 neomat. Leis an tréimhse fhada go mbíonn imreoirí gafa le traenáil faoi stiúir iliomad saineolait­he, níl teora leis an gcumas reatha atá á léiriú acu ar na páirceanna imeartha.

Sé an toradh atá air ná cosantóirí ag ionsaí agus dualgas ar thosaithe cúlú siar go mear nuair a bhíonn gádh lena leithéid.

Scéal eile a bheadh ann i gcluichí thar 80 neomat; thiocfadh laghdú ar an méid reatha de réir mar bheadh an t-am ag sleamhnú thart agus is cinnte go dtiocfadh méadú ar thionchar na n-imreoirí sciliúla. Cad faoi thréimhse cúig bliana arís ar bhonn trialach do chluichí thar 80 neomat?

Anois ós rud é go bhfuil taom chun leasú á mholadh agam cheana féin, ceapaim gur mithid an cárta dubh a chur i leataobh agus an loca pionóis a chur ina áit. Mar a déarfadh file tráth ‘A chárta dhuibh cá bhfuil do chealg’? Níl cealg dá laghad ann toisc go gceadaítea­r ionadaí in áit an té ar ar bronnadh an cárta dubh. Tá cealg géar ag baint le seal ins an loca pionóis agus sin é a fáth go bhfuil formhór na mbainisteo­irí glan ina aghaidh.

Mar bhuille scoir tá fonn orm a mholadh go mbeadh beirt réiteoirí ag feidhmiú i ngach cluiche sinsear peile agus iomána i gCraobhach­a Idir-Chontae agus Uile-Éireann.

Tá dóthain spóirt ina gceadaítea­r beirt réiteoirí nó breis. Bíonn seisear réiteoirí ag feidhmiú i bPeil Mheiriceá agus cumhacht ag gach duine acu cinneadh a dhéanamh agus gníomhú beag beann ar na réiteoirí eile.

Is córas é go nglactar leis! Níl á mholadh agamsa ach beirt!

 ??  ??

Newspapers in Irish

Newspapers from Ireland