Irish Independent - Seachtain

SPÓRT CÚIGE ULADH AG IARRAIDH STOP A CHUR LE CAILLEADH

- GRÁINNE McELWAIN

Cá seasann Cúige Uladh? Chaill siad in aghaidh Chúige Laighean den chéad uair ó 2014 sa bhaile an tseachtain seo caite i gcomórtas Pro14.

Tar éis an drochthora­idh i gCraobh na hEorpa an tseachtain roimhe sin i gcoinne La Rochelle agus an dóigh nár aimsíodh scór sa dara leath in éadán na Laighneach, cén treo a bhfuil siad ag dul?

Cáineadh go géar na botúin a rinneadh sa Fhrainc agus bhí siad le feiceáil arís sa dara leath, go háirithe ó thaobh an tsínte amach agus na láimhseála.

Oíche mhór do Rory Best a fuair a 200ú caipín i ngeansaí Uladh ach ní bheidh sé féin sásta leis an taispeánta­s agus cé gur cuireadh Dave Kearney go bosca an pheaca níor bhain na hUltaigh aon tairbhe as.

Bearna

Is sa tríú háit i Roinn B ar 23 phointe atá Cúige Uladh ach tá bearna ag méadú idir Scarlets ar an bharr, Cúige Laighean sa dara háit agus iad ceithre phointe taobh thiar. Casfaidh siad leis na Southern Kings Dé Sathairn i Staid Isaac Wolfson agus ba chóir go mbeadh an bua acu thall, go háirithe mar nár bhuaigh foireann na hAfraice Theas aon chluiche go fóill.

Neart oibre agus machnaimh le déanamh ag Cúige Uladh idir an dá linn.

Tabharfaid­h Cúige Laighean aghaidh ar Ghlaschú sa Scotstoun san oíche Dé hAoine agus gan dabht sin cluiche an deiridh seachtaine.

Níor chaill Glaschú go fóill sa tsraith agus iad i bhfad chun tosaigh ar thábla Roinn A le 33 phointe.

Tá Cúige Mumhan sa dara háit ar 21 phointe ach beidh Cúige Laighean muiníneach ag taisteal anseo. Chas an dá fhoireann ar a chéile i mbabhta a dó i gCraobh na hEorpa le déanaí le bua 34-18 ag foireann na hÉireann.

Ach leis an chéad dá chluiche caillte ag Glaschú, níl cuma ró-mhaith orthu go sroichfidh siad na babhtaí cáilithe san Eoraip. Beidh le feiceáil cén fhoireann a chuirfeas Cúige Laighean chun páirce le sos á thabhairt fós do go leor de na himreoirí idirnáisiú­nta.

Dé hAoine fosta, beidh Cúige Mumhan sa bhaile in adharca na Dragons atá sa dara háit ó íochtar an tábla i Roinn B.

Bua

Iontas na n-iontas muna mbuafaidh an Mhumhain, leis na Connachtai­gh i gcoinne Toyota Cheetahs Dé Sathairn.

D’ardaigh bua iontach Chúige Chonnacht an tseachtain seo caite in aghaidh na Mumhan 20-16 iad go dtí an ceathrú háit ar chlár na bpointí agus imreoidh siad in éadán Toyota Cheetahs atá ocht bpointe chun tosaigh orthu sa tríú háit i Roinn A.

 ??  ??
 ??  ?? Bród: Téann Rory Best ar an pháirc in éineacht lena chuid páistí Dé Sathairn
Bród: Téann Rory Best ar an pháirc in éineacht lena chuid páistí Dé Sathairn
 ??  ??
 ??  ??

Newspapers in Irish

Newspapers from Ireland