Tá sé soiléir ón taighde atá déanta gur cheart sos a thabhairt do d’intinn i rith an lae scoile. Feabhsaíonn sé torthaí páistí, cabhraíonn sé le haird na bpáistí a choimeád ar a gcuid oibre agus athraíonn sé dearcadh na bpáistí i leith na hoibre. Moltar sos a thabhairt don intinn gach 25-30 nóiméad ag brath ar aois an pháiste. Seo cúpla smaoineamh daoibh ar scoil.