Leabhar na Seachtaine
Dónall Dána: Mallacht an Mhumaí
Tá cúig leabhar eile d’eachtraí Dhónaill Dhána (Horrid Henry na Gaeilge) ar fáil anois, agus iad aistrithe go Gaeilge ag Caitlín Ní Chualáin, Máirín Ní Ghadhra, Gormfhlaith Ní Thuairisg agus Marion Ní Shúilleabháin.
Diabhailín ceart é Dónall Dána. Is buachaill é gur aoibhinn leis cleasa gránna, uafásacha a imirt.
Caitheann sé bia thart, sciobann sé rudaí, bíonn sé ag brú, ag soncáil agus ag pinseáil. Is fada le Dónall Dána go n-inseoidh sé dá dheartháir Learaí gan Locht faoi mhallacht an mhumaí, agus é ag iarraidh faitíos a chur air. Ach an bhféadfadh go bhfuil mallacht an mhumaí ar Dhónall é féin?
Is í Marion Ní Shúilleabháin a d’aistrigh Mallacht an Mhumaí go Gaeilge. I measc na n-eachtraí dalba nua eile le Dónall atá foilsithe ag Cló Iar-Chonnacht, tá Teach na dTaibhsí, Díoltas, An Feighlí Linbh agus Boladh Bréan.
Leabhair iad atá feiliúnach don seomra ranga agus le léamh sa bhaile. Sraith leabhar ancháiliúil é Horrid Henry, atá scríofa ag Francesca Simon agus maisithe ag Tony Ross. (Aoisghrúpa: 8-12 bhliain d’aois). Praghas: €8.