Féile na Seachtaine
Féile iontach í a tharraingíonn daoine le chéile ó fud fad na tíre do dheireadh seachtaine lán ceoil, amhránaíochta agus cóisireachta.
Ar nós an Oireachtais, bíonn comórtais cheoil, amhránaíochta agus damhsa ar siúl. Oíche Aoine ag a 7in a chuirfear tús leis na comórtais agus leanfar leo go dtí an oíche dár gcionn, nuair a rachaidh na hamhránaithe fásta ar an ardán do Chorn Cuimhneacháin Chóil Neaine Pháidín.
Beidh seisiúin, caint agus comhluadar ar fáil sa Bhradán Feasa, an teach tábhairne áitiúil, le linn na féile. Cuirfear fáilte roimh chách!