Ceolchoirm na Seachtaine
Siamsaíocht@6! Amharclann Chúirt an Phaoraigh, BÁC, amárach
Tiocfaidh ceoltóirí as Conamara agus na Déise le chéile san ardchathair amárach, Déardaoin, an 16 Samhain, do cheolchoirm mhór na míosa, atá á heagrú ag Gael Linn le blianta. Cluinfear ceol ón dlúthdhiosca nua-eisithe ’Rithim Réidh’ le Mícheál Darby ó Fatharta ar an bhocsa ceoil agus Pádraig Ó Dubhghaill ar an ghiotár. Beidh roinnt amhrán á gceol ag Ódí Ní Chéilleachair, ó Rinn ó gCuanach ar an oíche fosta. Am: 6-8in. Cead isteach: €12 Caife, fíon, srl., ar fáil. Áirithint riachtanach: 087 2547574.