Seans fós ag na hÉireannaigh
Obair le déanamh ag foireann na hÉireann agus iad ag tabhairt aghaidh ar an Astráil sa dara cluiche in Perth Dé Sathairn. Chaill siad 63-53 in Adelaide an tseachtain seo caite le Nat Fyfe ar dóigh do na hAstrálaigh. Ní bac dosháraithe é deich bpointe ach tá feabhas de dhíth. Tosóidh an tuairisciú ar RTÉ2 ag 8.30rn.