Irish Independent - Seachtain

Dúshlán eile ag Cora

- GRÁINNE McELWAIN

“Cinnte bhain mé triail as cúl a aimsiú,” a deir Cora Staunton faoin chúl dheireanac­h a fuair sí i gcoinne Chill Choirín-Chluain Bheirn as Gaillimh i gcluiche ceannais Chonnacht i bPeil na mBan.

Ag an phointe sin, bhí mná Mhaigh Eo trí chúilín taobh thiar agus dhá bhomaite fágtha sa chluiche athimearth­a agus ní raibh an chuma orthu go raibh siad chun teacht slán as.

“Ní cheapaim riamh go bhfuil muid buailte ag leibheál na gclub. Tuigim gur féidir le haon rud tarlú agus go bhfuil anteacht aniar san fhoireann seo.”

Sin mar a bhí. Teilgeadh liathróid isteach san eangach le cúl ag teacht ó chic saor Cora. Ansin, scóráil Amy Dowling cúl agus bhí an corn ag Cor na gCon den séú huair déag, an méid bonn atá buaite ag a gcaptaen Cora Staunton.

Ba í Cora an captaen chomh maith nuair a bhuaigh siad Craobh na hÉireann den Peil na mban, cluiche leathchean­nais Naomh Macartan v Chor na gCon, Páirc an Athar Hackett, Eochair, Co Thír Eoghain, Dé Domhnaigh @2in chéad uair in 2002 ach an bhfuil na réaltaí uilig ag teacht le chéile di uair amháin eile agus Peil Astrálach ar an tslí di ó mhí na Nollag ar aghaidh?

Neosfaidh an aimsir ach Dé Domhnaigh, tabharfaid­h Cor na gCon aghaidh ar Naomh Macartan as Tír Eoghain i mbabhta leathchean­nais na hÉireann in Eochair ag a dó a chlog.

Baineadh geit as go leor gur bhuaigh Naomh Macartan ar na seaimpíní Domhnach Maighean a bhfuil cúig chraobh na hÉireann buaite acu i gcluiche ceannais Uladh.

Seo an chéad uair dóibh Craobh Uladh a bhaint, le hiar-imreoir Thír Eoghan Ryan McMenamin i gceannas ar an fhoireann le leithéidí Linda Donnelly, Joline Donnelly, Maura McMenamin a bhfuil taithí idirchonta­e acu ag imirt leo.

Cheana féin tá bua gan choinne acu ar na seaimpíní, an dtarlóidh a leithéid arís?

 ??  ?? Idir dhá cheann na meá: Cora Staunton in aicsean in éadan Sarah Gormally san athimirt den chluiche ceathrú ceannais
Idir dhá cheann na meá: Cora Staunton in aicsean in éadan Sarah Gormally san athimirt den chluiche ceathrú ceannais
 ??  ??

Newspapers in Irish

Newspapers from Ireland