Irish Independent - Seachtain

Lámh láidir ag Schmidt le roghnú in éadan Fhidsí

- Le Gráinne McElwain

Bua thar a bheith cuimsithea­ch ag foireann rugbaí na hÉireann i gcoinne na hAfraice Theas an tseachtain seo caite 38-3, bearna nach raibh mórán ag súil leis, Joe Schmidt ina measc.

“Mhothaigh mé gur mhol clár na scór muid ach bhí cuma níos úire orainn agus chuidigh sé sin go mór,” a dúirt sé tar éis an chluiche.

Láidir

Níl aon ghortuithe ag cur as do na hÉireannai­gh agus ciallaíonn sé go bhfuil lámh láidir aige le roghnú in aghaidh Fhidsí a bheidh i Staid Aviva an Satharn seo. Beidh le feiceáil an dtosnóidh Peter O’Mahony a raibh gortú cluaise ag cur as dó tar éis an chluiche agus a d’fhág an pháirc luath dá bharr. Ba chóir go mbeadh an-bhua anseo go háirithe mar gur chaill Fidsí 19-10 in éadan na hIodáile i drochthais­peántas an tseachtain seo caite. Chuir easpa smachta isteach go mór orthu agus íocfaidh siad go daor arís as má tharlaíonn a leithéid Dé Sathairn. Sheas na himreoirí óga amach ar nós Joey Carbery agus Bundee Aki ( ar chlé) a chuir geansaí na hÉireann air den chéad uair agus a bhí thar a bheith bródúil tar éis an chluiche, ag rá “gurbh an-phribhléid é sin a dhéanamh”. Craolfar an cluiche beo ar RTÉ2 ag 5.30in.

Newspapers in Irish

Newspapers from Ireland