Lá stairiúil ag an réiteoir Joy
Beidh an tÉireannach Joy Neville ar an chéad bhean i mbun na feadóige ag cluiche club na bhfear san Eoraip ar an 15 Nollaig idir Bordeaux-Begles agus Enisei-STM i gcomórtas an choirn Challenge. Ní hé seo an chéad chluiche idir fir aici. Bhí sí i bhfeighil idir an Iorua agus an Danmhairg an 28 Deireadh Fómhair.