Áth Cliath ar thóir na staire
Beidh sruth de irisí i réimse an spóirt ag teacht inár dtreo idir seo agus an Nollaig. Is maith san mar is ag méadú atá an cíocras chun teacht ar eolas faoi chúrsaí spóirt. Ag an bpointe seo is eol do gach éinne gur suim leis nó léi scéal na gCraobhacha a reáchtáladh i rith na bliana atá thart. Is bunchloch dhaingean iad na hirisí le tuairimí maidir le Craobhacha na bliana atá romhainn amach a sheoladh agus a scaipeadh. Cinnte, beidh fáilte rompu mar tá a smaointe féin ag go leor de phobal léite na n-irisí.
Nach bhfuil an fhírinne go mbeidh peileadóirí Átha Cliath ar thóir an cheathrú craobh as a chéile go mór chun tosaigh agus suim ag a lán daoine i scéal an iontais?
Deireann an fhianaise ón aimsir chaite linn gur fíor-dheacair an gaisce mór sin a thabhairt chun críche. Ach bí deimhin de nach easpa dúthrachta ná scéim ullmhúcháin bheacht a cheilfidh an ceathrú ‘cloch’ sin ar Phaidrín ‘Átha’.
Ó thús Ré na gCraobh sa bhliain 1887 níor léiríodh an gaisce ach trí huaire go dtí seo. Peileadóirí Loch Garman ba thúisce a dhein é ins na blianta 1915 go dtí 1918. Suimiúil go leor b’in é an chéad uair go bhfios dúinn go raibh sagart mar bhall de fhoireann a ghaibh Craobh na hÉireann. An tAthair Wheeler ab ainm dó agus bhí sé lonnaithe mar lánchúlaí sa dhá chraobh tosaigh.
D’éirigh le foireann Chiarraí an mórghaisce a dhéanamh ansan ins na blianta 1929 go dtí 1932. Tharla sé i lár na ré is fearr a bhí ag peileadóirí an chontae, dar le roinnt saineolaithe spóirt.
Tháinig an ‘tAll-Ireland’ go Ciarraí deich n-uaire ó 1924 go dtí 1941 agus is sáite sa lár a bhí na ceithre cinn cos i dtaca. Sin deireadh eachtraíochta go dtí seo i leith an scéil atá neamhghnách go maith ach tá fir na hardchathrach réidh le tabhairt faoi chéim nár thógadar riamh an bhliain seo chugainn — an ceathrú craobh sin a chlárú.
Cá bhfios ná go... ní dóigh liom go mbeadh sé cóir deireadh a chur leis an machnamh seo gan tagairt a dhéanamh don fhoireann spleodrach a bhí ag an nGaillimh ins na seascaidí. D’éirigh leo siúd trí Chraobh as a chéile a chlárú ó 1964 go 1966.
Tá imeachtaí chluiche ceannais na bliana 1963 go soiléir i m’aigne fós; an Ghaillimh cúilín chun tosaigh, an t-am ionann agus bheith thart, cic sleasa do Áth Cliath gar do chúinne Chnoc 16 agus ‘an Cusack’, an pheil á tabhairt amach go dtí an ‘14’, cic ealaíonta á bhualadh ag Brian Mac Domhnaill trasna bhéal an chúil, Ger Mac Dáibhí le luas con ag réabadh isteach, teangmháil láimhe leis an bpeil, an brat glas ar foluain, tús ré órga na Gaillimhe curtha ar fionraí ag feadh bliana eile.
Is mithid scor den mhachnamh!