Irish Independent - Seachtain

Ag dúil le slua mór arís do na Super 11s

- GRÁINNE McELWAIN

Mí thar a bheith gnóthach is ea mí na Samhna i bhféilire an CLG, le comórtas Rialacha Idirnáisiú­nta ar siúl san Astráil agus den tríú bliain as a chéile beidh taispeánta­s iomána le feiceáil darb ainm an Super 11s.

An deireadh seachtaine seo is i bPáirc Fenway, áit bhaile daorchluic­he i mBostún Mheiriceá a bheidh an t-aicsean. Ach cad é go díreach é an Super 11s?

Ceithre bliana ó shin, tháinig grúpa le chéile idir an CLG agus GPA chun breathnú ar an tslí go bhféadfadh leis an chluiche iomána fás, forbairt agus taisteal thar lear agus i mí Mheán Fómhair an bhliain chéanna, cuireadh an cluiche úr chun páirce ag Féile Iomána Idirnáisiú­nta i nGaillimh.

Bunúsach

Baineadh triail as os comhair phobal Mheiriceá den chéad uair ag cluiche peile coláiste idir Notre Dame agus USC i mí Dheireadh Fómhair 2013, le himreoirí as Cúige Mumhan agus Cúige Laighean ag glacadh páirte ann.

Go bunúsach is iad na hathruithe is mó atá ann ón ghnáthchlu­iche iomána ná nach bhfuil ach 11 imreoir ag imirt, cúl amháin atá i gceist, 20 bomaite an taoibh, ní féidir an sliotar a chiceáil, níl bac ar an méid ionadaí is féidir a úsáid, ní féidir an sliotar a phasáil de láimh dhá uair as a chéile agus go bhfuil toisí na páirce níos lú ná gnáthpháir­c.

Mothaítear go bhfuil gá díriú ar an chluiche a fhorbairt ach ar cheann de na hargóintí in aghaidh an chluiche seo tá go síltear go mba chóir an maoiniú a chaitheamh ar an chluiche sa bhaile sna contaetha nach bhfuil iomáint chomh láidir iontu. “Ní aontaím leis an argóint

sin,” a deir Diarmuid Lyng, iar-iománaí Loch Garman a chaith geansaí na hÉireann i gcluichí camánaíoch­ta in éadan na hAlban.

“Cinnte go mba chóir féachaint ar an chluiche i gcontaetha ar nós Liatroma agus Ros Comáin ach tá sé tábhachtac­h freastal ar na hÉireannai­gh atá thar lear chomh maith agus a bheas ag Páirc Fenway chun féachaint air seo.

“Caithfidh an cluiche bogadh ar aghaidh agus is rud maith é go bhfásann an cluiche. Ach ba chóir go mbeadh muid cúramach chomh maith. Níl iomáint cosúil le haon spórt eile gairmiúil agus tá luachanna móra ag dul leis.

Freastal

“Níor mhaith liom go mbeadh aon rud caite le chéile chun freastal ar lucht gnó agus go mbeadh muid ag scaoileadh leis an iomarca.

“Táim ar son an cluiche a scaipeadh agus an grá atá againn dár gcluiche a léiriú ach chun a bheith ciallmhar faoi.”

28,000 duine a bhí i láthair dhá bhliain ó shin agus táthar ag súil le slua mór Dé Domhnaigh. Craolfar na trí chluiche beo ar TG4 ag toiseacht ag 5.30in le hÁth Cliath agus Gaillimh sa chéad chluiche leathchean­nais.

Ansin an Clár agus Tiobraid Árann sa dara ceann leis an bhabhta ceannais ag cur deireadh leis an lá ina dhiaidh sin.

 ??  ?? Ag cosaint na hiomána: Diarmuid Lyng
Ag cosaint na hiomána: Diarmuid Lyng
 ??  ??
 ??  ??

Newspapers in Irish

Newspapers from Ireland