Cás cúirte agus €600 buaite ag foireann Óstaí na Rí
Is ag foireann Óstaí an Rí a bhí an bua ag Craobhchomórtas Bhréagchúirt Uí Dhálaigh Gael Linn 2017 sna Ceithre Chúirt.
Ag ceiliúradh fiche bliain ar an bhfód i mbliana, tá an comórtas á reáchtáil ag Gael Linn do mhic léinn dlí i gcuimhne ar Chearbhall Ó Dálaigh, Iar-Uachtarán agus Iar-PhríomhBhreitheamh na hÉireann.
Foirne ó Choláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath, Coláiste na hOllscoile Corcaigh, Óstaí an Rí, Ollscoil na hÉireann, Gaillimh agus Ollscoil Mhá Nuad a bhí páirteach sa chomórtas a chuireann scileanna abhcóideachta trí Ghaeilge chun cinn.
Bhí réamhbhabhtaí cáilithe ar bun in Óstaí an Rí, ag a raibh deis ag na foirne ar fad dhá thaobh an cháis a réiteach agus a phléadáil.
Roghnaíodh dhá fhoireann don chraobh sna Ceithre Chúirt— Óstaí an Rí agus Coláiste na Tríonóide.
Ba í an Breitheamh Bronagh O’Hanlon ón Ard-Chúirt, mar aon leis an mBreitheamh Sinéad Ní Chúlacháin ón gCúirt Chuarda, le cabhair ó Chormac Ó Dúlacháin, Abhcóide Sinsearach, a rinne an mholtóireacht.
Ar deireadh tháinig casúr na mbreithiúna anuas ar son fhoireann Óstaí an Rí, a ghlac taobh an achomharcóra.
Bronnadh buantrófaí Gael Linn agus duais €600 ar Ursula Ní Choill, Tomás Mac Thréinfhir agus Daithí ó hEoghanáin. Tháinig Colm Ó Néill agus Barry Mac Giolla Iasachta, a throid an cás don fhreagróir, sa dara háit agus fuair siad duais €300.
Dúirt Antoine Ó Coileáin ó Gael Linn: “Tá níos mó deiseanna fostaíochta anois ann ná riamh i gcomhair dlíodóirí a bhfuil máistreacht acu ar an nGaeilge, go háirithe toisc stádas dlíthiúil na Gaeilge san Aontas Eorpach.”