Irish Independent - Seachtain

An Nollaig tosaithe... agus muid i Samhain!

- DÁITHÍ ÓSÉ

Nollaig, Nollaig agus Nollaig aríst! Ní bhíonn oíche Shamhna tagtha agus bíonn bolscairea­cht na Nollag tosnaithe.

Dar liom tá an rith suas go dtí an Nollaig ró-fhada agus nuair a thagann an lá é féin bíonn gach éinne dóite amach aige, sin mar a bhraithims­e ach go háirithe!

Níl sé mar seo i Meiriceá an gcreidfeá é — cheapas i gcónaí go mbeadh na Poncánaigh níos measa ná sinne nuair a thagann sé go seo ach ní mar sin atá.

An chúis nach mbíonn mí na Samhna tógtha suas le gnéithe Nollaigiúl­a ná go gcuireann siad ana-bhéim ar ‘Thanksgivi­ng’ agus nuair a bhíonn deireadh déanta leis sin tugann siad fé le racht mínádúrtha!

Is iad na fógraí teilifíse agus raidió a chuireann isteach orm i ndáiríre agus cé chomh luath agus a thosnaíonn siad siúd.

Is é an rud fé seo ná nuair a thagann ollmhargad­h amháin amach lena gceann siúd caithfidh siad ar fad an rud céanna a dhéanamh nuair tá baol ann go bhfágfar taobh thiar iad! Taobh thiar de cén rud níl fhios agam ach sin a deir siad liom!

Dá mbeadh dlí ann na fógraí seo a choimeád go dtí an chéad lá do mhí na Nollag bheadh againn! Níl aon dabht dá dtarlódh sé seo go mbeadh slí éigin acu le dul timpeall air.

Má cheapas go raibh sé seo olc, fuair sé i bhfad níos measa nuair tháinig Mícheál Óg chugainn. Gach a chíonn sé tá sé ag dul ar liosta Shaintí agus mise dá rá libh tá an liosta sin ag méadú in aghaidh an lae.

Pé rud mar gheall ar na príomhchai­néil ag teaspáint na bhfógraí Nollag le déanaí, tá cainéil na bpáistí á dhéanamh le cúpla mí agus ar shlí ní stadann siad in aon chor!

I

gcuntais Dé ní féidir an teilifís a chur ar súil agus tá an bhábóg is déanaí ann agus í ag féachaint amach orm. Cuireann sé seo ana-bhrú ar dhaoine, go mórmhór éinne a bhíonn ag comhaiream­h na bpinginí gach seachtain!

Nuair a bhíomar óg ní raibh puinn tosnaithe go dtí tús Mhí na Nollag agus ar an ochtú lá den mhí bheadh rudaí ag tosnú i gceart.

Más cuimhin libh na leabhra Spraoi a bhíodh ann ag teacht suas dtí an Nollaig, b’in tús na Nollag domsa. Is dóigh liom gur féidir na leabhra san a fháil i gcónaí.

Beidh sé deacair ach táimid chun moill a chur ar an Nollaig ag teacht inár dtigne ach beidh sé sin deacair mar gur breá le bean an tí an fhéile seo thar aon cheann eile!

 ??  ?? Luath: Fógra na Nollag ó Lidl
Luath: Fógra na Nollag ó Lidl
 ??  ??

Newspapers in Irish

Newspapers from Ireland