Neodracht
Is tír neodrach í Éire. Stát atá neodrach i gcogadh, tá sé de cheart aige nach sáródh lucht cogaíochta a theorainneacha ná a chearta faoi dhlí idirnáisiúnta. Ar an taobh eile den scéal, tá bundualgais neodrachta le comhlíonadh ag an stát sin: caithfidh sé úsáid a chríche a chosc (idir thalamh, aerspás agus fharraigí teorann) ar thíortha na troda; ní féidir leis cuidiú a thabhairt do cheachtar taobh (cé gur féidir leanúint den ghnáth-thrádáil); caithfidh sé rialacha na neodrachta a chur i bhfeidhm go cothrom i dtaca leis an dá thaobh. Is tíortha neodracha iad thart ar céad tír ar fud an domhain, an Eilvéis, an Fhionlainn, an Ostair agus an tSualainn san Eoraip, mar shampla.