Irish Independent - Seachtain

Lámhach in Las Vegas

-

Maraíodh caoga a hocht duine agus goineadh thart ar chúig chéad eile nuair a scaoil fear darbh ainm Stephen Paddock (ceithre bliana is seasca d’aois) urchair anuas ar lucht ceolchoirm­e in Las Vegas cúpla mí ó shin. Scaoil sé meaisínghu­nna leis an slua agus é ar an 32ú hurlár in óstán. Chuir sé lámh ina bhás féin ansin nuair a bhris na póilíní isteach ina sheomra san óstán. Is é seo an sladmharú gunna is measa riamh i Stáit Aontaithe Mheiriceá. Ní raibh nasc aige le haon ghrúpa sceimhlith­eoireachta agus ní fios cén fáth a ndearna sé an t-ionsaí. Tharla ollsléacht eile in Florida i 2016, nuair a mharaigh fear darbh ainm Omar Mateen (garda slándála a bhí naoi mbliana agus fiche d’aois) daichead a naoi duine agus ghortaigh sé caoga a hocht eile. Scaoil sé le slua i gclub oíche do dhaoine aeracha. Ba é sin an t-ionsaí ba mheasa i gcoinne lucht LADT (LGBT) i stair SAM. Mhaígh sé gur ar son ISIS a rinne sé an t-ionsaí. Is cinnte go raibh sé ar liosta sceimhlith­eoireachta an FBI, a d’fhiosraigh a scéal, ach bhain siad den liosta ina dhiaidh sin é.

Newspapers in Irish

Newspapers from Ireland